Tá an tAire Stáit sa Roinn Cumarsáide Jack Chambers ceaptha ina leascheannaire ar Fhianna Fáil.
D'fhógair an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, tráthnóna gurb é Chambers a bheidh i bpost an leascheannaire - folúntas atá sa pháirtí ó d'fhág Dara Calleary an post i 2020 i bhfianaise scannal dhinnéar gailf Thithe an Oireachtais.
Tá Jack Chambers ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar ón bhliain 2016.
Chomh maith le bheith ina Phríomh Aoire ar an Rialtas idir 2020-22, bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagúla - ina measc i ngnóthaí Gaeltachta idir 2021-2022.
Dúirt Micheál Martin tráthnóna gur polaiteoir cumasach agus díograiseach é Chambers a bhfuil "scileanna eagrúcháin" den scoth aige, rud a bheidh ina bhuntáiste ag an pháirtí agus olltoghchán ag teannadh leo, a dúirt sé.