Tá dóchas sa Chlochán i gCo na Gaillimhe go bhfuil cinnteacht anois ann maidir lena bhfuil i ndán don Ospidéal Ceantair ach deir ionadaithe poiblí go bhfuil gá le soiléiriú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi phlean fadtéarmach don ospidéal nuair a bheas an tAonad Altranais nua tógtha ar an mbaile.
Tá iarratas pleanála do Aonad nua Altranais an Chlocháin ina mbeidh 40 leaba, faoi bhráid an údaráis pleanála faoi láthair agus táthar ag súil le cinneadh faoi ar an 11 Iúil.
Dúnadh an tOspidéal Ceantair ar feadh tamaill i 2022 de bharr easpa foirne agus bhí éiginnteacht ann ó shin faoina bhfuil i ndán dó.
Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag an am gur le tús áite a thabhairt do Theach Altranais Naomh Áine atá ar an láthair chéanna a b'éigean an tospidéal a dhúnadh.
Nuair a osclaíodh arís é ar an 20ú Bealtaine i mbliana, dúradh go mbeadh seacht leaba ar fáil - cúig leaba do chúram faoisimh pobail agus dhá leaba do chúram faoisimh d’othair a bhíonn ag fáil cóir leighis in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh.
Deimhníodh don Chomhairleoir áitiúil Eileen Mannion gur earcaíodh beirt altraí le seachtain anuas mar chuid de fheachtas na Feidhmeannachta Sláinte breis foirne a fhostú.
"Tá mé sásta go bhfuil seacht leaba oscailte anois agus go bhfuil siad go léir in úsáid. Thosaigh altra amháin an tseachtain seo agus beidh altra eile ag tosú i mí Lúnasa," a dúirt sí.
Cé go bhfuil fáilte curtha ag an Teachta Dála Catherine Connolly roimh an scéal go bhfuil foireann á hearcú faoi láthair, deir sí go bhfuil éiginnteacht fós ann faoina bhfuil in ndán don Ospidéal nuair a bheas an tAonad Altranais nua tógtha.
"Tá an baol ann go ndúnfar an t-ospidéal ceantair agus go gcuirfear an tAonad Altranais ina áit. Creidimse gur gá an dá áit - an t-ospidéal agus an teach altranais - a choinneáil oscailte."