Tá na nósanna imeachta maidir le dul i ngleic le bulaíocht i scoileanna nuashonraithe ag an Roinn Oideachais.
Áireofar sna nósanna imeachta feasta bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne, cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch agus ciapadh gnéasach.
Gealltar acmhainní breise a chur ar fáil do gach scoil sa tír leis an gcóras nua a chur i bhfeidhm agus táthar ag iarraidh ar gach duine atá bainteach leis an scoil a bheith rannpháirteach ann.
Is i bhfianaise a bhfuil ráite ag daltaí scoile iad féin atá na nósanna imeachta nuashonraithe.
De réir a bhfuil san athbhreithniú is deireanaí a rinne cigirí na Roinne, deir duine as gach ceathrar daltaí bunscoile go ndearnadh bulaíocht orthu. Duine as gach cúigear atá i gceist i scoileanna dara leibhéal.
Agus na nósanna imeachta nuashonraithe á bhfógairt aici inniu, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley gur pléadh bulaíocht i scoileanna go mion le gach dream a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist.
Is léir ón mbreis agus 4,600 freagra a tugadh ar cheistneoir poiblí, a dúirt an tAire, go bhfuil sciar suntasach de dhaltaí scoile na tíre ag fulaingt.

'Cineáltas' atáthar a thabhairt ar an bplean gníomhaíochta in aghaidh na bulaíochta, agus sin an mana gonta atá ar bhratach atá tugtha do gach aon scoil sa tír le súil an teachtaireacht a chur abhaile.
I measc na nósanna imeachta nua, iarrfar ar gach duine atá bainteach leis an scoil cultúr frith-bhulaíochta a chur chun cinn – idir na scoláirí, na tuismitheoirí, na múinteoirí, an rúnaí, na glantóirí agus mar sin díobh.
Ina cheann sin, moltar leithéidí scátháin a fheistiú ar fud na scoile le nach mbeadh aon áit chúlráideach ar fáil le bulaíocht a dhéanamh faoi cheilt.
Déanfar taifead ar gach eachtra bulaíochta freisin agus tá sé i gceist bunachar sonraí náisiúnta a bhunú dá réir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ