skip to main content

Páistí a chuir geallta ina n-óige i mbaol andúil cearrbhachais

Tuigtear go bhfuil andúil ag duine má théann an cearrbhachas i gcionn ar a chuid airgid, a shláinte agus a shaol sóisialta
Tuigtear go bhfuil andúil ag duine má théann an cearrbhachas i gcionn ar a chuid airgid, a shláinte agus a shaol sóisialta

Tá dhá oiread seans ann go mbeidh fadhb chearrbhachais ag daoine in Éirinn a bhí i mbun cearrbhachais de chineál éigin ina bpáistí is atá ag an té nach raibhh aon plé díreach aige lena leithéid ina óige, de réir taighde nua.

Deir an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta chomh maith go bhfuil beagnach a dhá oiread dóchúlachta ann go mbeidh fadhb chearrbhachais ag duine a mbíodh tuismitheoir leis i mbun dian chearrbhachais nuair a bhí sé ina pháiste.

Léiríonn an taighde a rinneadh ar líne i sampla ionadaíoch de 1,663 duine fásta, go bhfuil andúil cearrbhachais go cinnte ag 4% de dhaoine agus rian den fhadhb ag 25% dóibh.

Tuigtear gur ionann fadhb chearrbhachais agus tionchar chomh díobhálach agus docharach a bheith ag cearrbhachas ar shaol duine is go dtéann sé i gcionn ar a gcuid airgid, a sláinte agus a saol sóisialta.

Léiríonn torthaí an taighde gur chaith daoine €30.62 ar an meán sa tseachtain le cearrbhachas.

Thosaigh dhá dtrian de na daoine ar an gcearrbhachas sular bhain siad 18 mbliana d'aois amach.

Meaisíní sliotáin an cineál cearrbhachais is coitianta a chleachtaigh daoine ina bpáistí.

Taithí mar pháistí

De réir an taighde, tá ceangal láidir idir taithí daoine nuair a bhí siad ina bpáistí agus fadhbanna cearrbhachais níos déanaí ina saol.

Feictear go bhfuil baol níos mó ann go mbeidh fadhb chearrbhachais ag daoine a raibh dearcadh dearfach ag a dtuismitheoirí maidir le cearrbhachas.

Meaisíní sliotáin an cineál cearrbhachais is coitianta a chleachtaigh daoine ina bpáistí, de réir 33% dóibh siúd a bhí páirteach sa taighde.

Scríob chártaí (31%), geallta ar rásaí capall agus con (27%), geallta i measc cairde (23%), bingó (20%) agus crannchuir (20%) na cineálacha eile.

Tá an chéad leasú ar dhlithe cearrbhachais sa Stát le 70 bliain faoi bhráid an Oireachtais faoi láthair.

Beartais mhaolaithe

Deir duine de údair an taighde, Diarmaid Ó Ceallaigh, go léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil daoine i bhfábhar iarrachtaí rialála a chinnteodh nach mbeadh fáil ag páistí ar chearrbhachas, rud a laghdódh an baol go mbeadh fadhb acu leis níos déanaí ina saol.

Molann siad cosc a bheith ar pháistí bheith i mbun cearrbhachais, ná dul isteach in ionaid, aipeanna, ná suíomhanna idirlín cearrbhachais agus beartais chun aois daoine a fhíorú ar ardáin chearrbhachais, mar roghanna chun an baol cearrbhachais a laghdú.

Tá baol níos mó ann ann go mbeidh fir óga a imríonn spóirt foirne, i mbun cearrbhachais go rialta agus ag cur geallta ar líne.

Faoi aois a 17 a thosaigh an leath chuid dóibh siúd arbh éigean dóibh cóir leighis a fháil dá bhfadhb cearrbhachais.

Tá an chéad leasú ar dhlithe cearrbhachais sa Stát le 70 bliain - an Bille um Rialáil Cearrbhachais - faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi láthair.