skip to main content

Éamon Ryan le n-éirí as mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais

Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan le n-éirí as a chúram
Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan le n-éirí as a chúram

Tá an tAire Rialtais Éamon Ryan le n-éirí as mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais.

Tuigtear go ndearna sé an cinneadh éirí as an gcúram i bhfianaise a dhonacht a chruthaigh an páirtí sin sna toghcháin an tseachtain seo caite.

Chaill an Comhaontas Glas 26 suíochán sna toghcháin áitiúla chomh maith leis an dá shuíochán a bhí acu i bParlaimint na hEorpa.

I ráiteas, dúirt Éamon Ryan go raibh sé ag éirí as mar cheannaire de ghrá an cúram a fhágáil ag an gcéad ghlúin eile.

Thug sé le fios freisin sa ráiteas nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad olltoghchán eile.

Ní féidir leis leanúint de na huaireanta fada oibre atá sé a chur isteach faoi láthair, arsa sé, go háirithe ó tá riachtanais speisialta ag duine dá chlann mhac.

Éamon Ryan le linn chomhaireamh na vótaí san RDS ar an 9 Meitheamh 2024

D'fhógair leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, an tAire Catherine Martin, tráthhnóna inniu nach mbeadh sí ag cur a hainm chun cinn le teacht in áit Éamoin Ryan mar cheannaire an pháirtí.

Tá Éamon Ryan ina Aire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair agus tá sé ar dhuine de thriúr ceannairí an Chomhrialtais in éineacht leis an Taoiseach Simon Harris ó Fhine Gael agus an Tánaiste Micheál Martin ó Fhianna Fáil.

Is é Micheál Martin an duine iarmhair den triúr ceannairí a bhunaigh an Comhrialtas in 2020 ó d'éirigh Leo Varadkar as mar cheannaire Fhine Gael dhá mhí ó shin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ