skip to main content

Na suíocháin Eorpacha ar fad líonta

Tá an rás rite agus tar éis comhaireamh 6 lá, tá na 14 suíochán as Éirinn i bPairlimint na hEorpa líonta.

Cuireadh clabhsúr leis an gcomhaireamh is deireanaí díobh i gCaisleán an Bharraigh go luath ar maidin inniu nuair a fógraíodh an triúr iarrthóir deireanach bheith tofa gan an cuóta bheith bainte amach acu i Lár Tíre - an tIarthuaisceart.

Toghadh an chead iarrthóir ansiúd, an FPE neamhspleách reatha Luke 'Ming' Flanagan, tar éís an 19ú comhairimh thart ar a hocht a chlog aréir. Ach thóg sé go dtí 1.30 ar maidin leis an dara iarrthóir, Barry Cowen ó Fhianna Fáil a thabhairt thar an líne.

Go gairid tar éis a trí a chlog ansin a fógraíodh go mbeadh Nina Carberry agus Maria Walsh ó Fhine Gael chomh maith le Ciarán Mullolly ó Éire Neamhpsleách fógartha tofa gan an cuóta a bhaint amach.

Bhí iarrthóir Shinn Féin Michelle Gildernew faoi 5,500 den suíochán deireanach, rud a fhágann go bhfuil an páirtí gan FPE sa toghcheantar den chéad uair ó 2014.

Thug an Taoiseach agus an Tánaiste aghaidh ar an gcomhaireamh agus dúirt Simon Harris go raibh sé thar a bheith ríméadach leis na ráth a bhí ar iarrthóirí Fhine Gael. Rinne Micheál Martin beag is fiú den chaint faoi mar a chuir straitéis trí iarrthóra an pháirtí bac ar an dara suíochán bheith ag Fianna Fáil.

Ach dúírt Barry Cowen gur thosaigh Fianna Fáil an feachtas gan aon FPE sa toghcheantar agus leag sé an bua ar 'iarracht mheithile' an pháírtí.

Dúirt sé go mbeadh sé buíoch 'go brách' lena chomhghleacaithe as an obair a chuir siad lena chinntiú go mbainfeadh sé an cuóta amach.

Dúirt Ciarán Mullooly go raibh ríméad air agus go mbeadh sé ag taisteal chun na Bruiséile Dé Domhnaigh le dul chun cainte le ceithre nó cúig ghrúpa éagsúla.

Sa Deisceart ba iad an neamhspleách Michael McNamara, Kathleen Funchion ó Shinn Féin agus Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil a thug leo na suíocháin dheireanacha.

Séan Kelly ó Fhine Gael a thug an chéad suíochán leis ar an gcéad chomhaireamh ach 17 comhaireamh eile a bhí ann sular toghadh Billy Kelleher ó Fhianna Fáil.

Tar éis an 20ú comhaireamh, fógraíodh an triúr tofa gan an cuóta a bhaint amach, rud a d'fhág an FPE reatha I4C Mick Wallach gan a shuíochán.

Chaill FPE Chomhoantas Glas Grace O'Sullivan a suíochán freisin, agus ba é a cuid aisrithe siúd a chuir an crut deiridh ar ord na n-iarrthóirí.

Is iad ceathar toghcheantar Bhaile Átha Cliath: Regina Doherty ó Fhine Gael, Barry Andrews ó Fhianna Fáíl, Lynn Boylan ó Shinn Féina agus Aodhán Ó Ríordáin ón Lucht Oibre.