skip to main content

An Craoslach: cinneadh faoi chead pleanála curtha siar

Láthair na tubaiste sa Chraoslach
Láthair na tubaiste sa Chraoslach

Cuireadh ar athlá cinneadh i dtaca leis an gcead pleanála atá an comhlacht Vivo Shell Teoranta a lorg le ionad tráchtála a thógáil san áit ar maraíodh deichniúr sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall in 2022.

Ba inniu an lá a bhí luaite le cinneadh.

Tuigtear, ámh, go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh tuilleadh eolais ar an gcomhlacht sula ndéanfar aon chinneadh.

Fuair an Chomhairle Contae 27 aighneacht ón bpobal ag cur in éadan an chead pleanála.

Bhí cuid de theaghlaigh na marbh ina measc siúd a chuir ina éadan.

San ionad tráchtála a bhfuil rún ag Vivo Shell a thógáil ar an suíomh, d'áireofaí siopa, oifig phoist, ionad stórála, leithris, áiseanna breosla, áit stórála do thancanna agus do chaidéil, chomh maith le gairdín cuimhneacháin.

Maraíodh ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí mar gheall ar phléasc a tharla ag stáisiún peitril agus ag bloc árasán i sráidbhaile an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Idir chúig bliana agus 59 bliain d'aois a bhí na mairbh.

B'in iad Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan; Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper; Jessica Gallagher; James O'Flaherty; Martin McGill; Martina Martin; agus Hugh Kelly.

Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí go bhfuil siad ag leanacht lena bhfiosrúchán faoin tubaiste agus go bhfuil sé i gceist acu comhad a chur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ