Tuairiscítear go bhfuil fórsaí míleata Iosrael ag dul isteach in iarthar chathair Rafah i ndeisceart Gaza – nó a bhfuil fanta di – tar éis dóibh an áit a bhombardú go tréan agus go fíochmhar ón aer, ón bhfarraige agus ón talamh i gcaitheamh na hoíche.
Deirtear go bhfuil daoine sa chuid sin den chathair ag teitheadh roimh na hIosraelaigh agus go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar cheantar na trá.
Tá an trá aicmithe mar "cheantar daonnúil" ag na hIosraelaigh agus deir siad nár dhiúraic siad aon airtléire leis an gceantar sin aréir.
Tuairiscítear, áfach, go bhfuil a gcuid tancanna ag dul i dtreo na trá, mar aon leis na teifigh Phalaistíneacha.
Tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, comhraiceoirí Palaistíneacha a dhíbirt as Rafah agus Hamas a dhísciú.
Ní dhéanfaidh siad stad ná cónaí nó go mbainfidh siad na cuspóirí siad amach, a deir siad.
An méid sin i gceann bhraiteoireacht Hamas faoi mholadh na Stát Aontaithe maidir le sos comhraic, is olc an tuar é.
Tá sé tugtha le tuiscint ag Hamas cé go bhfuil siad sásta le moladh na Meiriceánach – thar ar tháinig de mholtaí roimhe seo – gurb amhlaidh is mian leo é a leasú le dúil cuspóirí úd na nIosraelach a shárú.
Teastaíonn ó Hamas go gcuirfeadh na hIosraelaigh deireadh leis an gcogadh atá siad a chur ar Gaza mar chuid den socrú, éileamh nach bhfuil lá rúin ag na hIosraelaigh glacadh leis.
Meastar 37,000 duine ar a laghad a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le hocht mí, gan na mílte corp atá folaithe ag an smionagar a chomhaireamh, ná na daoine a bhfuil éalang fágtha orthu, ná na milliúin atá curtha ar an lár lom agus bainte as a greim.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ