skip to main content

Toghcháin Áitiúla réidh ach a rácáil, súile dírithe anois ar an Eoraip

Comhaireamh agus craic i gCorcaigh i gcónaí!
Comhaireamh agus craic i gCorcaigh i gcónaí!

TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 2024 946 de na 949 suíochán líonta: FF (246), FG (245), SF (102), LO (56), DS (35), CG (23), PRB-D (13), Aon (8), NS (185), Eile (33).

Tá na toghcháin áitiúla réidh ach a rácáil agus gan ach trí cinn de na 949 suíochán fós le líonadh. Tá an chuma ar an scéal ag an tráth seo go sáróidh Fianna Fáil Fine Gael ó thaobh líon na suíochán de, cé nach mbeidh ann ar deireadh ach breisín bheag.

Os a choinne sin, mar atá cúrsaí faoi láthair, is ag Fine Gael a bheas an sciar céatadánach is mó de na vótaí céadrogha, ach arís ní bheidh ann ach ar éigean, má bheidh.

Sa toghchán Eorpach, táthar ag leanúint le comhaireamh na vótaí i dtoghlach Éireann Theas agus i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, agus gan ach duine amháin as an dá thoghlach sin tofa go nuige seo.

Tá gach ceann de na ceithre shuíochán i dtoghlach Bhaile Átha Cliath líonta. Is iad Barry Andrews ó Fhianna Fáil; Regina Doherty ó Fhine Gael; Lynn Boylan ó Shinn Féin agus Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre – san ord sin – an ceathrar a toghadh.

Neart sórtála le déanamh fós!

Cúig shuíochán atá in Éirinn Theas agus is é Seán Kelly ó Fhine Gael an t-aon iarrthóir a toghadh ann go dtí seo.

An té is gaire dó, Billy Kelleher ó Fhianna Fáil, tá os cionn 20,000 de dhíth air fós sula mbainfidh sé an cuóta amach.

Ina dhiaidh sin, tá an t-iarrthóir neamhspleách Michael McNamara; Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil; Mick Wallace, Neamhspleách; Kathleen Funchion ó Shinn Féin; agus Grace O'Sullivan ón gComhaontas Glas.

Tá Lorna Bogue ón ngrúpa Rabharta as an áireamh agus tá 10,826 vóta a fuair sí le dáileadh ar na hiarrthóirí eile ar maidin inniu.

Daoine a bhfuil geall acu sa rás ag breicníocht ar lucht comhairimh

I Lár Tíre-an tIarthuaisceart, mar a bhfuil cúig shuíochán, is é an t-iarrthóir neamhspleách Luke Ming Flanagan atá chun tosaigh. Tá 81,663 vóta aige ach ós beagán le cois 113,000 atá sa chuóta níl an breac tugtha ar an bport aige fós.

Ina dhiaidh sin, tá Nina Carberry ó Fhine Gael; Barry Cowen ó Fhianna Fáil; agus Maria Walsh ó Fhine Gael, agus gan ach 2,500 vóta idir an chéad dhuine agus an duine deireanach den triúr sin.

Ina ndiaidh siúd, tá an t-iarrthóir neamhspleách Ciarán Mullooly a bhfuil 12,500 vóta aige ar Michelle Gildernew ó Shinn Féin.

Tá Pauline O'Reilly ón gComhaontas Glas as an áireamh agus tá 15,283 vóta a fuair sí le dáileadh ar na hiarrthóirí eile ar maidin inniu.

Taibhsíonn sé, ámh, nach dtoghfar aon duine go hoifigiúil i Lár Tíre-an tIarthuaisceart go dtí amárach nó arú amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ