Lámhaigh agus mharaigh na Gardaí tarbh-bhrocaire i gCorcaigh tar éis don mhadra éirí trodach le linn eachtra aréir ar Bhóthar Uí Chonghaile i mBaile Féitheán.
Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí go raibh madra tar éis bean a ionsaí i ngairdín cúil. Bhain an madra greim as lámh agus as cos na mná. Baineadh greim as duine eile sa teaghlach freisin agus é ag iarraidh smacht a fháil ar an madra.
D'fhreastail na Gardaí áitiúla nach raibh armtha, maor madraí agus tréidlia ar an láthair agus chuir siad fios ar Aonad Tacaíochta faoi Arm an Gharda Síochána.
Tugadh an bheirt a gortaíodh chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit ar cuireadh cóir leighis orthu.
Níos tuisce an tseachtain seo, mharaigh madra allta bean óg darbh ainm di Nicole Morey i gCo Luimnigh. Lá breithe na mná óiige a bhí ann. Bhí sí 23 bliain d’aois.
Tá na Gardaí ag fiosrú an ionsaithe ag teach na mná i bhFeadamair, taobh amuigh de Bhaile an Fhaoitigh sa chontae.
Thánagthas uirthi taobh thiar de gheata an áitribh.
Cuireadh cóir leighis uirthi ar an láthair ach níorbh fhéidir í a tharrtháil.
Tuigtear go raibh cónaí uirthi sa teach lena páirtí agus roinnt madraí.
Ní raibh aon duine eile sa bhaile nuair a tharla an t-ionsaí.
Gabhadh ceithre mhadra de phór a bhfuil srian air de réir dlí
Tuigtear gur de phór Tarbh-bhrocaire an madra a rinne an t-ionsaí. Rinne baill d’Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a bhain siad láthair an ionsaithe amach.
Dúirt an tAire Gnóthaí Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys gur chuir scéal an ionsaithe "alltacht agus samhnas" uirthi.
"Tá ceist na bpóranna madraí srianta á scrúdú ag grúpa oibre faoi stiúir an iar-Choimisinéara Gardaí John Twomey," a dúirt an tAire. "Má chuireann an grúpa sin comhairle orm cosc a chur ar phór áirithe, mar atá déanta i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, glacfaidh mé leis an gcomhairle sin."
Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí. Ina measc sin tá Tarbh-bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman.
De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d'aois na madraí a shrianú le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.