Tá glactha ag an Chúirt is airde san Aontas Eorpach le gearán ón chomhlacht mearbhia Éireannach Supermac's ina n-aighneas fhada le McDonald's maidir le húsáid an 'Big Mac' mar thrádmharc.
Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa nach ceadmhach do McDonald an trádmharc a úsáid i gcás táirgí éineola.
Chláraigh McDonald's an trádmharc san Aontas Eorpach den chéad uair i 1996.
Ach chuir Supermac's iarratas faoi bhráid Oifig Mhaoin Intleachtúil an Aontais i 2017 ag iarraidh aisghairm a dhéanamh ar an trádmharc de bhrí a dúirt siad, nár bhain McDonald’s fíor-úsáid as sna cúig bliana roimhe sin.
Rialaigh Oifig Mhaoin Intleachtúil an Aontais i bhfábhar chuid de éileamh Supermac's i 2019, agus tarraingíodh siar clárú McDonald’s ar an trádmharc 'Big Mac.'
Chiallaigh sin go raibh cead ag Supermac’s an t-ainm Big Mac a úsáid ar aon táirge bia dá gcuid.
Ach rialaigh an Oifig chomh maith go bhféadfadh McDonald's an trádmharc fós a úsáid ar cheapairí sicín agus táirgí eile éineola, chomh maith lena mbialanna.
Thug Supermac’s dúshlán an choinníll seo i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais.
I ndiaidh chinneadh na bliana 2019 mhaígh Supermac's gur bhain McDonald’s leas as an trádmharc Big Mac chun iarracht a dhéanamh cosc a chur ar Supermac's briseadh isteach i margadh na Breataine agus na hEorpa.
Ciallaíonn rialú na Cúirte Breithiúnais inniu go gcaillfidh McDonald’s an trádmharc a bhaineann le táirgí éineola.