skip to main content

A 23ú lá breithe díreach slánaithe ag an bhean a mharaigh madra allta

Ba cónaí ar Nicole Morey lena páirtí agus roinnt madraí sa teach i bFeadamair, Baile an Fhaoitigh
Ba cónaí ar Nicole Morey lena páirtí agus roinnt madraí sa teach i bFeadamair, Baile an Fhaoitigh

Níl sé ach lá ó cheiliúir an bhean a bhásaigh i gCo. Luimnigh aréir, nuair a d'ionsaigh madra allta í, a lá breithe.

Inné féin a bhain Nicole Morey, arbh as tuaisceart chathair Luimnigh ó thús di, na trí bliana is fiche amach.

Tá na Gardaí ag fiosrú an ionsaithe ag teach na mná i bhFeadamair, taobh amuigh de Bhaile an Fhaoitigh sa chontae roimh an mheánoíche aréir.

Thánagthas ar an bhean taobh thiar de gheata an áitribh.

Cuireadh cóir leighis uirthi ar an láthair ach níorbh fhéidir í a tharrtháil.

Tuigtear go raibh cónaí uirthi sa teach lena páirtí agus roinnt madraí.

Ní raibh aon duine eile sa bhaile nuair a tharla an t-ionsaí.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála chuig an teach idir Feadamair agus
Baile an Fhaoitigh roimh mheánoíche aréir.

Tugadh a corp chuig ospidéal an Mheán Iarthair i Luimneach áit a ndéanfar scrúdú iarbháis uirthi.

Gabhadh ceithre mhadra de phór a bhfuil srian air de réir dlí

Tuigtear gur de phór Tarbh-bhrocaire an madra a rinne an t-ionsaí - rinne baill de Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a cuireadh fios orthu chuig an láthair.

Tá rialacha maidir le srianú póranna áirithe madraí á meas faoi láthair, a deir an tAire Heather Humphreys

Dúirt an tAire Gnóthaí Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys gur chuir scéal an ionsaithe "alltacht agus samhnas" uirthi.

"Tá ceist na bpóranna madraí srianta á scrúdú ag grúpa oibre faoi stiúir an iar-Choimisinéara Gardaí John Twomey," a dúirt an tAire. "Má chomhairlíonn an grúpa dom cosc a chur ar phór áirithe mar atá déanta i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, déanfaidh mé sin."

Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí, tá rialacha i bhfeidhm maidir le h-úinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí - ina measc sin tá Tarbh-bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman.

De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d'aois na madraí a shrianú le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.