Ar díol go poiblí tá an teach cáiliúil in Ailt an Chorráin i gCo Dhún na nGall inar chónaigh an grúpa dár gaireadh na Screamers.
In 1895 a thóg fear gnó áitiúil Johnny Rua Mac Suibhne an teach.
Rinneadh óstán de nuair a tháinig an bealach iarainn go hAilt an Chorráin i 1903 agus i measc na ndaoine a d'fhan ann bhí Pádraig Mac Piarais, Éamon de Valera agus Maud Gonne McBride.
I 1940, cheannaigh máistir scoile áitiúil é ach ba i 1974 a tháinig na Screamers ann as Sasana, dream a raibh an screadach mar mhodh teiripe acu.
Ina thost anois atá an teach mór gorm atá suite ar thaobh na láimhe deise den bhóthar síos chuig cé Ailt an Chorráin.
I 1974, cheannaigh bean as Sasana, Jenny James, an teach ar £12,000. Ba í a bhunaigh na Screamers agus sna blianta ina dhiaidh sin bhí sí féin, a hiníon Becky agus suas le 30 duine eile ina gcónaí ann.
'Atlantis' a bhaist na Screamers ar an teach a phéinteáil siad i ndathanna an tuair cheatha. Dream a bhí iontu nár chreid i ngnáthnósanna na sochaí. Mar sin féin, rinne siad gnáthobair, idir thiomáint eallaigh agus fíodóireacht.
I 1982, tháinig dream eile in áit na Screamers ar tugadh an Silver Sisterhood orthu.
Shanntaigh siadsan saol ar leith ar shiúl ón domhan mór agus 'An Droichead Beo' a bhaist siad ar an teach.
Is iad Patrick Bonner agus a bhean chéile Carrie atá sa teach ó 2001 ach tá siad á dhíol anois mar go bhfuil sé rómhór acu.
Tá suim mhór léirithe ann ach mura bhfuil €800,000 ar a laghad agat ní bhfaighidh tú fá scread asail de!
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ