skip to main content

Fógraí bréagacha maidir leis an tír seo ceadaithe ag TikTok

TikTok: fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin sa tír seo ceadaithe
TikTok: fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin sa tír seo ceadaithe

Léiríonn fiosrúchán a rinne eagraíocht chearta daonna gur cheadaigh an t-ardán roinnte físeán TikTok fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin sa tír seo.

Ba le fonn córas scagtha TikTok a thástáil a chuir an eagraíocht Global Witness sé fhógra dhéag chuig an meán sóisialta a raibh eolas bréagach iontu.

Vótáil ar líne agus i dtéacs teileafóin; an aois vótála; agus cead vótála ag inimircigh in Éirinn – mar dhea – na hábhair a cuireadh i láthair sna fógraí.

Cheadaigh TikTok gach uile cheann de na fógraí ach tharraing Global Witness siar iad sular foilsíodh iad.

I ráiteas ó TikTok maidir leis an bhfiosrúchán, maíodh gur aithnigh ríomhchlár scagtha an ardáin gur sháraigh na fógraí polasaithe an chomhlachta ach dúradh gur cheadaigh ball foirne iad de dhearmad ina dhiaidh sin.

Dúradh freisin go raibh athoiliúint curtha ar an mball foirne a bhí i gceist ó shin agus go raibh cleachtais nua tugtha isteach ag an gcomhlacht maidir le fógraí polaitíochta.

Mar chuid dá bhfiosrúchán, chuir Global Witness fógraí bréagacha chuig YouTube agus X chomh maith.

Dhiúltaigh X gach ceann acu ach ghlac YouTube le péire acu.

I mí Feabhra seo caite, tháinig feidhm leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha san Aontas Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bréagaisnéis agus le mífhaisnéis.

Dúirt Global Witness go raibh siad le gearán oifigiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach faoi na fógraí bréagacha a bheith ceadaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ