Tháinig na sluaite ag searmanas speisialta inniu i Mainistir Naomh Feichín, istigh ar Iomaí, amach ó iarthuaisceart Chonamara.
Ceiliúradh a bhí ann ar shaibhreas scéalaíochta agus ar oidhreacht ársa an oileáin.
Anuraidh a thosaigh an oilithreacht nua ach ócaid bhliantúil atá beartaithe feasta...
Sa bhliain 1981, tháinig seandálaithe ar Mhainistir Naomh Feichín, neadaithe i measc na ndumhcha cois cladaigh ar Oileán Iomaí.
Seoid luachmhar is ea an séipéal, atá i bhfolach ó radharc na súl in ísleán cois trá, agus fothain bhreá ann ó ghaoth fheanntach an chósta.
Ba é Naomh Feichín é féin a thóg an mhainistir agus a bhunaigh pobal manach ar an oileán sa 7ú haois.
Mhair an mhainistir ar feadh tuairim is 200 bliain go dtí gur fhág cora crua an tsaoil lorg buan ar an bpobal.
Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an oileán sa 9ú haois agus bánaíodh an ceantar aimsir an Ghorta Mhóir sa 19ú hAois.
Tá saibhreas oidhreachta agus draíocht spioradálta ag baint leis an mainistir i gcónaí, dar le muintir na háite.
Thug na sluaite faoi oilithreacht chladaigh inniu ón gCladach Dubh go hIomaí, agus Mainistir Naomh Feichín mar cheann scríbe acu.
Is féidir tabhairt faoin gcuaird trasna an chladaigh agus lagtrá ann, ach ní mór filleadh arís ar an míntír sula mbéarfaidh an taoide ar na gluaisteáin.
Ba é an tAthair James Ronayne ón gClochán a bhí i mbun an tsearmanais inniu i bhfothracha na mainistreach.
Ócáid is ea í ina ndéantar ceangal a chothú le stair ársa an oileáin agus le hoidhreacht na sinsear.
Níl an oilithreacht oidhreachta ach bliain amháin ar an bhfód.
B'iad ógánaigh an cheantair, ó scoileanna áitiúla, a d'eagraigh anuraidh í.
Tá muintir na háite ag súil go gcuirfidh féasta filíochta agus ceoil an lae inniu beocht sna fothracha agus gur nós bliantúil a bheidh san ócáid as seo amach.