skip to main content

Farage ag seasamh in Olltoghchán na Breataine

Nigel Farage le rith ar an 4ú Iúil
Nigel Farage le rith ar an 4ú Iúil

Tá sé tugtha le fios ag an bpolaiteoir Sasanach,Nigel Farage go bhfuil faoi seasamh mar iarrthóir in Olltoghchán na Breataine.

Níl sé ach roinnt laethanta ó shin ó dúirt sé nach mbeadh sé san iomaíocht sa toghchán sin.

Dhearbhaigh sé inniu áfach go seasfadh sé i dtoghlach Clacton in oirthear Shasana agus go mbeadh vótaí an phobail á lorg aige ar an 4ú lá Iúil.

60 bliain d'aois atá Farage anois agus bhí baint mhór aige le feachtas an Bhreatimeachta.

Deir Nigel Farage gur dóigh leis go gcailllfidh Páirtí Caomhach na Breataine an t-olltoghchán sin agus go mbeidh an Lucht Oibre buacach.