skip to main content

Tús curtha le triail Hunter Biden

Tús curtha le triail Hunter Biden
Tús curtha le triail Hunter Biden

Tá Hunter Biden, mac le Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden á chur ar a thriail inniu maidir le gunna láimhe a bhí aige i 2018.

Tá 3 chúis tugtha i gcoinne Hunter Biden (54) bainteach leis an ngunna a cheannaigh sé i Meán Fómhair 2018 agus a bhí ina sheilbh go mídhleathach más fíor ar feadh 11 lá i nDeireadh Fómhair 2018.

Tá sé ag pléadáil neamhchiontach.

Is i stát Delaware atá an cás ar siúl.

Tá cás coiriúil eile ag fanacht le Biden i Stát California.

Baineann sé sin le bheith ag seachaint chánach.