skip to main content

Cainteanna comhrialtais san Afraic Theas - deireadh le ré an ANC

Mosotho Moepya, Cathaoirleach Choimisiún Toghchánaíochta na hAfraice Theas ag preas ócáid inné
Mosotho Moepya, Cathaoirleach Choimisiún Toghchánaíochta na hAfraice Theas ag preas ócáid inné

Tá sé ionann is cinnte go ndearbhóidh torthaí na dtoghchán san Afraic Theas go bhfuil deireadh le réimeas 30 bliain pháirtí an African National Congress i gcumhacht tromlaigh ar an tír.

Fearg maidir le ráta ard dífhostaíochta, ciorruithe cumhachta agus easpa comhionnanais a ba chúis leis an phobal a míshástacht leis an ANC a chur in iúl sna botháin vótála Dé Céadaoine seo caite.

40% den vóta a fuair an páirtí sa toghchán - titim mhór ón sciar de 57.5% a fuair siad i 2019.

Is iad an ANC páirtí ghluaiseacht saoirse na hAfraice Theas a tháinig chun cinn go mór san iarracht Nelson Mandela a shaoradh ó phríosún agus deireadh a chur le réimeas bán na cinedheighilte sa tír i 1994.

Rachaidh na páirtithe i mbun idirbheartaíochta anois le rialtas nua a chur le chéile, sula n-iarrfar ar an pharlaimint uachtarán nua a ainmniú.

Meastar gur as páirtí an ANC a roghnófar an t-uachtarán ainneoin go bhfuil páirtithe eile ag éileamh go n-éireodh an tUachtarán Cyril Ramaphosa as oifig sular féidir comhrialtas a bhunú.

Síltear go mbfhéidir nach fada eile a mhairfeas Ramaphosa ina Uachtarán má ghéilleann an ANC do na páirtithe eile nó má thugann iarrthóir eile taobh istigh den pháirtí a dhúshlán.