skip to main content

Feannadh géar: comórtas lomtha caorach ag tarraingt airde

Ó mo chaora bhán (dearg)! Caoirigh de gach dath á mbearradh sa Chreagán i gCo. na Gaillimhe
Ó mo chaora bhán (dearg)! Caoirigh de gach dath á mbearradh sa Chreagán i gCo. na Gaillimhe

Táthar ag súil le os cionn 20,000 cuairteoir sa Chreagán, i gContae na Gaillimhe, an deireadh seachtaine seo, áit a bhfuil Comórtas Náisiúnta agus Idirnáisiúnta na Lomairí Caorach faoi lán seoil.

Cuirfear fáilte roimh iomaitheoirí ó gach cearn den tír agus ó thíortha i bhfad i gcéin, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Bhreatain Bheag ina measc, chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí, a reáchtálfar inniu agus amárach.

Chuir an aimsir chaithiseach go mór le spiorad na féile, agus bhí bús agus beocht le brath thart ar mharglann an Chreagáin ó d'oscail na geataí ar a naoi a chlog ar maidin.

Nuair nach raibh caoirigh á lomadh, bhíodar gléasta in éadach galánta agus iad ag glacadh páirt i seó faisin na gcaorach.

Beidh deis ag cuairteoirí olann nua-bhearrtha a cheannach, chomh maith, agus é mar sprioc ag lucht eagraithe na féile olann na hÉireann, a bhfuil clú agus cáil ar fud an domhain uirthi, a chur chun cinn.

Tá an ócáid bhliantúil á reáchtáil sa Chreagán den chéad uair riamh i mbliana, chun spreagadh breise a thabhairt do mharglann an Chreagáin, atá ag snámh in aghaidh easa le tamall anuas.

Tá fadhbanna airgid na marglainne ina ábhar buartha ag muintir na háite le roinnt blianta anuas, agus beifear ag súil go gcuirfidh imeachtaí na seachtaine seo borradh fúithi arís.

Ábhar eile atá ag déanamh scime d’fheirmeoirí caorach ná luach na holla, atá maolaithe go mór le roinnt blianta anuas.

"Obair riachtanach is ea í, caithfear na caoirigh a lomadh gach aon bhliain," a deir Tom O’Halloran, feirmeoir caorach as Corr na Móna i gcontae na Gaillimhe.

Deir sé gur beag luach atá ar olann na gcaorach sléibhe níos mó, ach go bhfuil tóir áirithe fós ar olann bhán na gcaorach i gceantar míntíre. Is buille mór é seo d’fheirmeoirí sléibhe, a deir sé, agus mórchuid airgid á gcailliúint acu dá bharr.

Na madraí caorach ag coinneáil súil ghéar ar na héiníní gé sa Chreagán

Is mór an t-athrú atá tagtha ar an gceird ó bhí Tom O’Halloran ina bhuachaill óg, áfach. "Dhéantaí an chaora a lomadh de láimh tráth," a deir sé. "Anois, lomairí leictreacha ar fad atá ann. Ceird luachmhar is ea í agus caithfear í a choinneáil ag imeacht."

Deir an feirmeoir Tomás Ó Fátharta, as ceantar Dhún an Uchta, go mbíonn costas trí euro in aghaidh na caorach ag baint le caoirigh a lomadh, ach nach bhfaigheadh an feirmeoir ach cúpla cent ar an olann chéanna sin. Níl aon dul as ag feirmeoirí, a deir sé, ach an obair a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana.

Is é an comhlacht Kepak atá i mbun urraíochta ar an gcomórtas i mbliana, ar a dtugtar 'Cluichí Oilimpeacha na Lomairí Caorach’. Cuirfear clabhsúr leis an bhféile oíche Dé Domhnaigh.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ag Donncha Ó Murchú ar Nuacht TG4 ar a 18:45