skip to main content

Ardú croí tugtha ag Dlí Dháithí do othair trasphlandaithe i dTuaisceart Éireann

Is é Dáithí Mac Gabhann (7 mbliana d'aois) as Béal Feirste is cúis leis an dlí ar dheonú orgán a bheith leasaithe.
Is é Dáithí Mac Gabhann (7 mbliana d'aois) as Béal Feirste is cúis leis an dlí ar dheonú orgán a bheith leasaithe.

Tá ardú croí tugtha ag dlí nua i dTuaisceart Éireann do othair atá ag fanacht le trasphlandú orgáin agus níos mó deontóirí orgán cláraithe le bliain anuas ná mar a bhí riamh.

Bliain is an lá inniu a hathraíodh an dlí ar dheonú orgán i dTuaisceart Éireann.

Dlí Dháithí a thugtar anois air - a bhuí le Dáithí Mac Gabhann, gasúr beag as Béal Feirste atá ag fanacht le trasphlandú croí.

Seacht mbliana d'aois atá Dáithí Mac Gabhann anois agus tá sé ar liosta feithimh le croí úr a fháil ó bhí 2018 ann.

Rugadh Dáithí le siondróim hipeapláiseach croí clé, a chiallaíonn nár fhorbair an taobh chlé dá chroí go hiomlán.

Éalang neamhghnáth croí é an siondróim hipeapláiseach a bhíonn ar leanaí ón bhroinn, a fhágann nach mbíonn ar chumas an chroí fuil a dháileadh i gceart ar fud an choirp.

Ina áit sin bíonn ar an chuid dheis den chroí an fhuil uilig a phumpáil chuig na scámhóga agus chuig an chuid eile den chorp.

Is deontóir orgán go huathoibríoch é gach duine fásta i dTuaisceart Éireann anois ach amháin má chuireann duine a mhalairt in iúl.

Bhí lá spraoi ag Halla na Cathrach i mBéal Feirste inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar theacht i bhfeidhm Dhlí Dháithí.

Throid a thuismitheoirí go crua leis an dlí ar dheonú orgáin a athrú - ciallaíonn an dlí anois gur deontóir é gach duine fásta go huathoibríoch ach amháin sa chás go gcuireann duine a mhalairt in iúl.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín, gur tógáil croí don teaghlach go bhfuil Dlí Dháithí ag sábháil beatha daoine.

Léiríonn eolas ón Roinn Sláinte ó Thuaidh go raibh an líon is mó deontóirí orgán i dTuaisceart Éireann le bliain anuas ná mar a bhí riamh roimhe sin.

Tá Dáithí ar dhuine de 153 othar i dTuaisceart Éireann atá ag fanacht le trasphlandú.

Ar an drochuair, ní gach othar a mhaireann fada go leor le horgán úr a fháil - faigheann idir deichniúr agus cúig dhuine dhéag bás gach bliain sula n-aimsítear deontóir dóibh.

Táthar ag súil go gcuideoidh Dáithí Mac Gabhann agus an dlí a ainmníodh leis, le fad saoil a thabhairt do na daoine sin atá ag fanacht go crua.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ar a 18:45