skip to main content

Teastas bronnta inniu ar shaighdiúirí a throid i gCath Jadotville sa bhliain 1961

Bhí triúr iarshaighdiúir déag a bhí ar dualgas sa Chongó i láthair ag ócáid chuimhneacháin i mBeairic Dhún Uí Mhaoilíosa i gCathair na Gaillimhe inniu
Bhí triúr iarshaighdiúir déag a bhí ar dualgas sa Chongó i láthair ag ócáid chuimhneacháin i mBeairic Dhún Uí Mhaoilíosa i gCathair na Gaillimhe inniu

Cothrom na seachtaine seo, 60 bliain ó shin, d'fhág saighdiúirí na hÉireann an Congó don uair dheireanach, tar éis dóibh a bheith ar dualgas síochánaíochta leis na Náisiúin Aontaithe idir 1960 agus 1964.

Bhí triúr iarshaighdiúir déag, a bhí ar dualgas i gcaitheamh na tréimhse sin, i láthair ag comóradh inniu i mBeairic Dhún Uí Mhaoilíosa, sa Rinn Mhór, i gCathair na Gaillimhe.

D’fhág an misean sa Chongó lorg tromchúiseach ar chuimhne an airm. Ba é an chéad uair riamh a cuireadh saighdiúirí armtha de chuid na hÉireann i mbun dualgas síochánaíochta thar lear.

Maraíodh 26 ball d’Óglaigh na hÉireann sa chogaíocht, agus cogadh cathartha ag réabadh sa tír. Cuimhníodh go háirithe inniu ar an naonúr a maraíodh i luíochán i Niemba i mí na Samhna 1960, nuair a d’ionsaigh saighdiúirí ó mhílíste Luba patról de chuid na hÉireann. Tuigtear gur chreid saighdiúirí Luba gur gallóglaigh Eorpacha ab ea na hÉireannaigh, earcaithe ag fórsaí an namhad sa chogadh cathartha, Stát Katanga.

Bronnadh teastais speisialta sa bheairic inniu ar iarshaighdiúirí a throid i gcath Jadotville sa bhliain 1961, an eachtra is mó a bhfuil clú agus cáil anois uirthi ón tréimhse a chaith saighdiúirí na hÉireann sa Chongó. Bhí 157 saighdiúir ó Chomplacht A in Arm na hÉireann lonnaithe in Jadotville nuair a d’ionsaigh 3,000 saighdiúir ó fhórsaí Katanga iad. Cé go raibh buntáiste suntasach ag an bhfórsa sin, throid saighdiúirí na hÉireann go diongbháilte chun iad féin a chosaint agus mharaigh 300 saighdiúir ó arm Katanga. Níor maraíodh oiread is saighdiúir amháin ó Chomplacht A. Mhair an léigear ar feadh seachtaine go dtí go raibh armlón na nÉireannach ídithe, agus ghéill an Coirnéal Pat Quinlan. D’ainneoin an ghaisce a bhí déanta acu, níor tugadh aitheantas oifigiúil do shaighdiúirí Chomplacht A go dtí an bhliain 2017.

An Captaen Noal Carey (ar chlé), a bhí ar dualgas sa Chongó agus a throid
i gCath Jadotville i 1961

"Ní raibh cabhair ar bith againn," a deir an Captaen Noel Carey. "Bhíomar fágtha gan uisce ná breosla, agus buamaí ag titim anuas orainn. Throideamar go dtí go raibh gach piléar caite."

Os cionn 6,000 saighdiúir de chuid na hÉireann a chaith tréimhse ar dualgas sa Chongó idir 1960 agus 1964. Dúirt an Tánaiste, Mícheál Martin inniu, gur cor cinniúnach ab ea misean an Chongó d’Óglaigh na hÉireann, agus gur baineadh gaisce ceannródaíoch amach a mhúnlaigh cur chuige síochánaíochta an airm agus na Náisiún Aontaithe ó shin i leith.