Tá sé ráite ag dlíodóir Donald Trump, Todd Blanche, go bhfuil an tUasal Trump le hachomharc a dhéanamh chomh luath agus is féidir, i ndiaidh do ghiúire i Nua-Eabhrach é a fháil ciontach i 34 cúis aréir.
Tá an tUasal Trump ar an gcéad Uachtarán Mheirceá riamh a ciontaíodh i gcoir. Bhí sé curtha ina leith gur chruthaigh sé bréagchaipéisí chun airgead a d'íoc sé le haisteoir a bhí páirteach i scannáin do dhaoine fásta a choimeád faoi cheilt. Íocadh an t-airgead le Stormy Daniels chun í a choimeád ciúin roimh an toghchán uachtaránachta i 2016.
Thug Todd Blanche le fios ar CNN go raibh rúin iarthrialach le cur faoi bhráid na cúirte. "Mura bhfuil rath orthu siúd", a dúirt sé, "rachaidh muid i mbun achomhairc chomh luath agus is féidir. Gearrfar píonós ar dtús. Chomh luath is a bheith sé sin curtha i gcrích, cuirfimid tús leis an achomharc."
Chaith an giúire dhá lá i mbun machnaimh agus cuisíodh Donald Trump sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith.
Thug iarchúntóir de chuid Donald Trump, Michael Cohen, fianaise le linn na trialach gur sna seachtainí roimh an toghchán i 2016, gur cheadaigh an tUasal Trump íocaíocht de $130,000, a íocadh le Stormy Daniels le go bhfanfadh sí ina tost. Bhí mí-iompar gnéis curtha i leith Donald Trump i rith na tréimhse sin.
De réir fhianaise Michael Cohen, d’íoc seisean an t-airgead le Stormy Daniels, agus bheartaigh an bheirt fhear plean faoina d’íocfadh Donald Trump an t-airgead ar ais leis i ranníocaíochtaí. D’aontaigh siad go gcruthóidís bréagshonraisc ina mbeadh sé tugtha le fios gur cúiteamh as obair dlhíthiúil a bhí sna ranníocaíochtaí, ach cur i gcéill a bhí ann.
Le linn na trialach, dúirt dlíodóirí ar son Donald Trump nach bhféadfaí Michael Cohen a chreidiúint; gur coirpeach ciontaithe a bhí ann. Ach sa deireadh, chinn an giúire go raibh go leor fianaise ann, seachas ráitis Michael Cohen, chun an tUasal Trump a chiontú.
D’fhéadfaí go ngearrfaí suas le fiche bliain príosúin ar Donald Trump, ach ní dóigh le saineolaithe dlí sna Stáit Aontaithe go ngearrfar príosún air ar chor ar bith, i bhfianaise a aoise agus os rud é gurb é seo an chéad uair dó a bheith ciontaithe.
In ainneoin go bhfuil sé ciontaithe i 34 cúis, níl aon bhac air seasamh sa toghchán uachtaránachta.