skip to main content

"Géill beagán don tuirse" - an craoltóir Máirín Ní Ghadhra ag trácht ar a saol le Scléaróis Iolrach

Tá an Scléaróis Iolrach ar an iriseoir Máirín Ní Ghadhra le naoi mbliana déag.
Tá an Scléaróis Iolrach ar an iriseoir Máirín Ní Ghadhra le naoi mbliana déag.

Tá Máirín Ní Ghadhra ar dhuine de na hiriseoirí is aitheanta atá ag saothrú a ngairme i nGaeilge.

Ach is beag dá lucht aitheantais a thuigeann go bhfuil Scléaróis Iolrach uirthi le chóir a bheith scór bliain.

Inniu ar lá domhanda na feasachta ar an tinneas, rinne Máirín cur síos ar an tionchar a bhíonn ag an tinneas ar a saol.

Deir sí go bhfuil an saol ag éirí níos deacra anois i ndiaidh naoi mbliana déag den tinneas ach go luíonn sé le ciall go dtarlódh sin de bhrí go moillíonn daoine de réir mar a théann siad in aois.

"Buíochas le Dia fuair mé scéal ansin le gairid ó na dochtúirí go gceapann siad go bhfuil an leagan den ghalar atá orm stoptha de bheith ag forbairt agus ag athrú de bhrí go bhfuil sé orm chomh fada sin," a dúirt Máirín.

"Tá an pointe sin bainte amach agam anois, rud a chiallaíonn nach rachaidh sé chun donachta chomh scioptha sin ó seo amach."

Tá sé tugtha faoi deara aici go bhfuil sí níos tuirsí agus níos moille ina cuid gluaiseachta anois agus go bhfuil a cuid siúil imithe chun donais:

"Bíonn cúnamh ag teastáil chuile áit dá dtéim agus goilleann sé go mór orm a bheith ag iarraidh cúnaimh le mo chuid siúil nó le bheith ag cur éadaí amach ar an líne, mar gheall gur duine an-neamhspleách mé," a dúirt sí.

Buaileann an Scléaróis Iolrach a thrí oiread ban ná fir ach creideann Máirín go bhféadfadh sé go bhfuil an tinneas ar i bhfad níos mó daoine i ngan fhios dóibh, de bhrí nach n-aithníonn siad na comharthaí sóirt.

"Tá go leor daoine ann nach n-aithníonn an galar de bhrí nach bhfuil siad ag dul sa tóir ar na comharthaí - an meadhrán, an tuirse chéatach… ní bhíonn pian ort ach amháin nuair a ghortaíonn tú thú féin, is galar dofheicthe é agus níl fhios ag go leor go bhfuil sé orthu. Ní cheapfadh daoine a fheiceann mise ar an teilifís go bhfuil tada orm ach tuigeann daoine a bhfuil aithne acu orm go bhfuil go leor orm. Is galar ceilte é nach bhfuil mórán eolais ag daoine air."

Tá teoiric ann go bhfuil an tinneas níos coitianta ar dhaoine in Éirinn, in Albain agus san Iorua de bhrí gur tíortha iad atá i bhfad ón mheánchiorcal.

Baineann seo le díth vitimín D, a deir Máirín, rud atá in easnamh inár gcóras againn anseo i dtuaisceart na hEorpa.

Bíonn ar Mháirín cuid mhaith ama a chaitheamh ina codladh, ainneoin nach maith léi sin a dhéanamh.

"Tá an ghráinn agam air!! Ach sin an tuirse agus caithfidh tú géilleadh dó agus do scíth a ligean. Caithfidh tú iarracht a dhéanamh do shaol a mhúnlú timpeall air."

Molann Máirín do dhaoine atá i dtús a dturais saoil leis an Scléaróis Iolrach, a scíth a ligean go minic:

"Géill beagán don tuirse, lig do scíth go minic, cuardaigh an oiread tacaíochta is atá ar fáil; labhair le MS Ireland agus iarr ar na dochtúirí teaghlaigh go gcuirfí ar na liostaí tacaíochta agus seirbhísí ar fad thú.

Agus iarr cúnamh sa mbaile!

Abair leis na gasúir na soithigh a chur sa niteoir, na h-éadaí a chur amach ar an líne - mar dá mhéid de do chuid fuinnimh a choinníonn tú agat féin, sé is mó a bheas tú in ann an galar a throid."

Tá eolas faoin Scléaróis Iolrach agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil don tinneas, ag an suíomh www.ms-society.ie

Beidh tuairisc agus agallamh le Máirín Ní Ghadhra le Tríona Ní Ráinne ó Chumann Scléaróis Iolrach na hÉireann ar Nuacht TG4 ag a 7in.

Cuireann Máirín Ní Ghadhra na cláracha 'Adhmhaidin' agus 'An tSeachtain' i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, chomh maith le 7Lá ar TG4.