skip to main content

Ospidéal Náisiúnta Leanaí: sprioclá curtha ar athlá an athuair

Suíomh an Ospidéil Náisiúnta Leanaí i mBaile Átha Cliath 8
Suíomh an Ospidéil Náisiúnta Leanaí i mBaile Átha Cliath 8

Tá sé dearbhaithe ag bord an Ospidéil Náisiúnta Leanaí nach mbeidh an t-ospidéal nua bailchríochnaithe de réir mar a bhí beartaithe faoin 29 Deireadh Fómhair i mbliana.

Deir an bord go dtugtar le fios sa tuairisc mhíosúil is deireanai ón gcomhlacht forbartha BAM go mbeidh moill eile fós ar an tógáil agus gurb é an 25 Feabhra 2025 an spriocdháta nua.

Údar míshásaimh do chathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, áfach, nach gcuirfear isteach an fómhar go dtí an t-earrach, má chuirfear.

Ag labhairt dó ar RTÉ ar maidin inniu, dúirt Brian Stanley ó Shinn Féin nach gcreideann aon duine go gcuirfear an dlaoi mhullaigh ar an ospidéal go ceann naoi mí nó dhá mhí dhéag eile agus gur dóigh nach rachaidh an chéad leanbh tinn thar tairseach ann go dtí tús na bliana 2026.

Dar leis go raibh téarmaí an chonartha a socraíodh le BAM fíorlochtach ón tús agus go ndealraíonn sé nach raibh sé ar a gcumas ag an mbord iallach a chur ar an gcomhacht gan tuadóireacht na háirce a dhéanamh ar an togra.

€1.4 billiún atá caite ar an ospidéal go nuige seo in ainneoinn gur €650 milliún a tuaradh a chosnódh sé san iomlán nuair a fógraíodh an togra in 2015.

Tá 2,782 éileamh breise ar chostais curtha isteach ag BAM ó cuireadh tús leis an obair thógála in 2016 ach níor lamháladh ach fíorbheagán acu go dtí seo.

Tá tuilleadh éileamh i gcaingean san Ard-Chúirt, áfach.

Nuair a bheas an t-ospidéal críochnaithe, beidh 6,000 spás cliniciúil ann, 380 seomra leapa le haghaidh othair chónaitheacha agus 22 obrádlann.

Tá an scéal ar fad á chriathrú ag éisteacht den Choiste um Chuntais Phoiblí inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ