Cuireadh imeachtaí i nDáil Éireann ar fionraí ar feadh scaithimh ar maidin inniu nuair a d'éirigh idir an tAire Stáit Seán Fleming ó Fhianna Fáil agus bheirt Teachtaí Dála ó Phobal Roimh Bhrabús Paul Murphy agus Bríd Smith.
Tharla an t-aighneas le linn na díospóireachta ar rún a bhí curtha os comhair na Dála ag Pobal Roimh Bhrabús maidir le neodracht na hÉireann agus 'na trí ghlas'.
Tugtar 'na trí ghlas' ar na prótacail is gá a chomhlíonadh sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas ar an gcoigríoch.
Chocáil Seán Fleming a mhéar le Teachtaí Dála Phobal Roimh Bhrabús agus dúirt trí huaire gur maidríní lathaí ag Vladimir Putin a bhí iontu.
Ina cheann sin, chuir Seán Fleming i leith an pháirtí sin go raibh siad ag dul in aghaidh mhuintir na hÉireann.
Chuir an chaint sin olc ar Paul Murphy a phreab ina sheasamh agus d'fhógair ar an bPléimeannach.
Ina dhiaidh sin, d'éiligh Brid Simith ar an Aire Stáit a raibh ráite aige a tharraingt siar ar an bpointe.
Ba é Michael Ring ó Fhine Gael a bhí ina chathaoirleach ar an díospóireacht agus d'ordaigh seisean do Paul Murphy agus do Bhríd Smith araon suí síos.
Níor tharraing Seán Fleming a ráiteas siar ach dúirt sé nach raibh sé dírithe ar aon duine ar leith.
Ina dhiaidh sin arís, léigh Paul Murphy rialú as cód imeachtaí na Dála ina ndeirtear nach bhfuil cead ag aon Teachta cur i leith aon Teachta eile go bhfuil sé nó sí ag glacadh le horduithe nó le treoracha ó pháirtithe seachtracha, nó go bhfuil sé nó sí ag labhairt ar son pháirtithe seachtracha.
Leanadh leis an siúite, áfach, agus chuir Michael Ring imeachtaí ar fionraí ar feadh cúig nóiméad.
Mar leis an gceist a bhíothas a chaibidil ar an gcéad ásc, dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris sa Dáil go raibh an Rialtas meáite ar phrótacail na dtrí ghlas a athrú.
De réir 'na dtrí ghlas úd', caithfidh Rialtas na hÉireann, Dáil Éireann agus na Náisiúin Aontaithe, caithfidh siad ar fad a mbeannacht a thabhairt sula gcuirtear Óglaigh na hÉireann ar fiannas thar lear.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ