skip to main content

'Ionsaí teoranta' atá Iosrael a dhéanamh ar Rafah, a deir Biden

Tuairiscítear gur gortaíodh an fear seo nuair a d'ionsaigh Arm Iosrael stórais cabhrach daonnúla soir ó  Rafah, 29 Bealtaine 2024
Tuairiscítear gur gortaíodh an fear seo nuair a d'ionsaigh Arm Iosrael stórais cabhrach daonnúla soir ó Rafah, 29 Bealtaine 2024

Níl sé i gceist ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden aon athrú a dhéanamh ar a pholasaí maidir leis an gcogadh atá Iosrael a chur ar Gaza ach mar sin féin, arsa a urlabhraí, níl sé ag déanamh neamhshuim d'fhulaingt na bPalaistíneach ann.

Ag preasócáid in Washington, dúirt an t-urlabhraí John Kirby nach gcreideann Joe Biden gur ionradh uileghabhálach atá san ionsaí atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza faoi láthair.

Thug sé le fios freisin go raibh sé rólulath le rá an dtiocfadh aon athrú ar dhearcadh an Uachtaráin Biden i bhfianaise an ionsaí a rinne na hIosraelaigh ar champa teifeach in Rafah Dé Domhnaigh seo caite ar maraíodh os cionn dhá scór duine dá bharr.

Tagann a raibh le rá ag John Kirby le ráiteas eile ó Rialtas na Stát Aontaithe ina ndúradh gur "ionsaí teoranta" a bhí ann.

Tá sé ráite go minic cheana ag Joe Biden go raibh sé glan in aghaidh ionradh mór a dhéanamh ar Rafah.

Trí seachtaine ó shin, go deimhin, choinnigh sé siar lasta mór buamaí a bhí Rialtas Mheiriceá le seoladh chuig Iosrael de bharr a mhíshásaimh faoina raibh beartaithe ag na hIosraelaigh a dhéanamh in Rafah.

Comhraic sráide le gunnaí beaga agus bombardú le gunnaí móra suíomh an tsaoil in Rafah le scaitheamh.

Tuairiscítear go bhfuil seilbh gafa ag saighdiúirí agus tancanna Iosraelacha ar lár na cathrach ó inné tar éis dóibh an ruaig a chur ar chomhraiceoirí Hamas a raibh siad i ndeabhaidh leo le roinnt seachtainí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ