Ón Aoine beag seo, beidh sé éigeantach tástáil drugaí a dhéanamh ar thiománaithe atá bainteach le tubaistí tromchúiseacha bóthair.
Faoi láthair, ní chaithfear ach tástáil alcóil a dhéanamh ar thiománaithe sna cúinsí sin, cé go mbíodh sé mar rogha ag Gardaí tástáil drugaí a dhéanamh orthu freisin.
Léiríonn taighde atá déanta ar thubaistí bóthair sa Stát go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag tiomáint faoi thionchar drugaí agus is ina fhianaise sin atá an dlí leasaithe ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair, Jack Chambers.
Dúirt Jack Chambers inniu go bhfuil meisce de bharr alcóil nó drugaí ar cheann de na ceithre phríomhchúis atá le tubaistí bóthair sa Stát.
Tá 10,000 foireann tástála drugaí ceannaithe ag na Gardaí cheana féin faoi thuairim a gcúraim nua.
Thart ar ocht nóiméad ó thús go deireadh a thógann sé an tástáil a dhéanamh ach níl cead daoine a choinneáil ag fanacht níos faide ná leathuair an chloig de réir an dlí nua.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ