skip to main content

Beirt a gabhadh faoin tubaiste sa Chraoslach scaoilte saor

Gardaí ag leanacht lena bhfiosrúchán faoin tubaiste sa Chraoslach
Gardaí ag leanacht lena bhfiosrúchán faoin tubaiste sa Chraoslach

Tá an fear agus an bhean a ghabh na Gardaí inné maidir leis an tubaiste sa Chraoslach i gCo Dhún na nGall in 2022 scaoilte saor gan iad a bheith cúisithe in aon chion.

Gabhadh an bheirt, atá sna daichidí, faoin Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine agus ceistíodh iad in dhá stáisiún Ghardaí éagsúla i gCo Dhún na nGall.

I ráiteas, dúirt na Gardaí go bhfuil siad ag leanacht lena bhfiosrúchán faoin tubaiste agus rún acu comhad a chur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Maraíodh deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – mar gheall ar phléasc a tharla ag stáisiún peitril agus ag bloc árasán i sráidbhaile an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ