skip to main content

Astaíochtaí carbóin a laghdú: 'ní bhainfidh Éire sprioc amach'

'Níl aon pholasaí ag an Rialtas maidir le praghas peitril agus díosail a ardú in ainneoin ar gealladh'
'Níl aon pholasaí ag an Rialtas maidir le praghas peitril agus díosail a ardú in ainneoin ar gealladh'

Tá sé dearbhaithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil nach gcomhlíonfaidh Éire a cuid dualgas dlíthiúil idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide as seo go 2030, fiú amháin dá gcuirfí plean gnímh an Rialtais i bhfeidhm ina iomláine agus in am.

De réir na réamhaisnéise is deireanaí ón ngníomhaireacht, sáróidh mórán gach earnáil sa tír seo an t-uasmhéid astaíochtaí carbóin atá leagtha síos dóibh in 2025 agus in 2030.

Talmhaíocht, tionsclaíocht agus leictreachas na hearnálacha is mó is ciontach agus tuartar gurb é an earnáil tógála tithíochta an t-aon cheann sa tír a bhainfeas sprioc amach.

Cé go bhfuil dualgas dlíthiúil ar Éirinn astaíochtaí carbóin a laghdú 51% as seo go 2030, is cosúil nach mbeidh ann ach laghdú 29% ar a mhéad i ndeireadh na dála.

Dúradh an méid céanna sa réamhaisnéis a d'fhoilsigh an ghníomhaireacht bliain ó shin go deimhin.

Tá cuid de shonraí an dá réamhaisnéis éagsúil lena chéile, ámh, de bhrí go bhfuil tograí le dul i ngleic le hathrú aeráide "feabhsaithe" idir an dá linn, a deirtear.

Cuirtear san áireamh sa réamhaisnéis is deireanaí freisin go dtabharfar tograí eile i gcrann as seo go 2030 ach ina ainneoin sin, a deirtear, is é an toradh céanna a bheas ann.

Siúd is go mbeidh tuilleadh gluaisteán leictreach ann in 2030, tuilleadh fuinnimh in-athnuaite agus tuilleadh athruithe chun feabhais san earnáil talmhaíochta, síogfar an sochar sin sa leabhar cuntas ar ghualainn a mbeidh sa cholún dochair.

Soilsítear sa réamhaisnéis, cuir i gcás, an t-ardú de réir a chéile ar phraghas peitril agus díosail a gealladh le súil daoine a mhealladh leis an inneall dócháin inmheánaigh a thréigean.

Dar leis an ngníomhaireacht, áfach, nach raibh ann ach caint agus nach bhfuil polasaí ar bith ag an Rialtas maidir le praghas peitril agus díosail a ardú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ