Tá sé tugtha le fios ag an gComhairle um Chearta an Duine in Éirinn go bhfuil siad thar a bheith míshásta faoi easnamh mór, dar leo, atá sa Chód Sábháilteachta Ar Líne nuashonraithe atá foilsithe ag Coimisiún na Meán.
Tá alltacht ar an eagraíocht chearta daonna, a deir siad, nach bhfuil "algartaim thocsaíneacha" a chuireann ábhar gangaideach agus urchóideach i láthair dhaoine ar na meáin shóisialta, nach bhfuil na halgartaim sin curtha san áireamh sa chód sábhailteachta nua.
Molann algartaim ábhar nua do dhaoine de réir an chineál ábhair atá ceadaithe acu cheana in aon turas, de thaisme nó dála an scéil ar líne, agus de réir an aois atá acu agus an áit a bhfuil cónaí orthu.
Táthar imníoch ó tháinig an t-idirlíon ar an bhfód an chéad lá riamh go gcothaíonn algartaim áirithe iompar diúltach agus antoisceach den uile chineál, go háirthe i measc daoine óga.

Cé go ndeachaigh Coimisiún na Meán i gcomhairle le heagraíochtaí agus le daoine éagsúla faoi na halgartaim seo, níor cuireadh san áireamh iad sa chód sábháilteachta nua i ndeireadh na dála.
Dúirt Coimisiún na Meán gur fágadh ar lár iad mar gurbh fhearr leas a bhaint as Acht um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh le dul i ngleic leo.
Tá fiosrúcháin ar bun ag an Aontas Eorpach i láthair na huaire faoin gcur chuige atá ag TikTok agus Meta, agus dar le Coimisiún na Meán go bhfuil an chaoi a dtéann algartaim an dá ollchomhlacht sin i gcion ar dhaoine ar cheann de ghnéithe an fhiosrúcháin.
Thug Coimisiún na Meán le fios freisin go bhfuil siad ag tacú le fiosrúcháin an Aontais Eorpaigh.
Ar a shon sin, áfach, is é an léamh atá ar an scéal ag an Dr Johnny Ryan ón gComhairle um Chearta an Duine go bhfuil cosc curtha ag an gCoimisiún Eorpach ar na húdaráis sa tír seo smacht a chur ar na comhlachtaí móra teicneolaíochta.
Is measa fós an cor seo sa scéal, arsa sé, ó ba í Éire an tír ba mhó san Eoraip roimhe seo a bhí ag cur srian leis an scód a bhí ligthe leis na comhlachtaí sin.
Chuir Coimisiún na Meán an Cód Sábháilteachta Ar Líne faoi bhráid an Choimsiúin Eorpaigh inné agus beidh ar gach ardán roinnte físeán a bhfuil a gceanncheathrú Eorpach acu in Éirinn é a chur i bhfeidhm.
Ní foláir do gach comhlacht meán sóisialta daoine óga a chosaint ar ábhar urchóideach atá sainithe sa chód, lena n-áirítear ábhar a chothaíonn féindíobháil, féinmharú agus neamhord itheacháin, gan trácht ar chibearbhulaíocht, ar phornagrafaíocht, agus ar fhoréigean – go háirithe foréigean ar son an spóirt.
Féadfar fíneáil suas le €20 milliún a ghearradh ar aon chomhlacht a shárós an cód a dtiocfaidh feidhm leis níos deireanaí i mbliana.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ