Tuairiscítear gur maraíodh 40 duine ar an gcuid is lú agus gur gortaíodh na dosaein mar gheall ar ionsaí buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar ionad tearmainn do theifigh in aice le Rafah i ndeisceart Gaza inné.
I ráiteas, dúirt aireacht sláinte Hamas san iamhchríoch Phalaistíneach gur ionad leis na Náisiúin Aontaithe a bhí ann agus gur mná agus páistí a bhí i bhformhór na n-íospartach.
Os a choinne sin, dúirt Arm Iosrael gur ionad le Hamas a bhí ann agus gur maraíodh beirt oifigeach shinsearacha san eagraíocht sin de bharr an ionsaithe.
Thug na hIosraelaigh le fios freisin, áfach, go bhfuair siad tuairisc "go ndearnadh díobháil do roinnt sibhialtach nuair a hadhnadh tine sa cheantar mar gheall ar an ionsaí" agus mhaígh go raibh an scéal á fhiosrú acu.
Thar aon áit eile in Gaza faoi láthair, tá Rafah á chur faoi luí na bíse ag na hIosraelaigh agus rún acu, a deir siad, gan aon cheathrú anama a thabhairt do Hamas san áit.
Dúirt na hIosraelaigh chomh maith gur scaoil Hamas ocht roicéad ar a laghad as Rafah le cathair Tel Aviv in Iosrael inné.
Tá Tel Aviv thart ar 100 ciliméadar ó thuaidh ó Rafah agus tuairiscítear gur chuir aerfhórsa Iosrael na roicéid go talamh sular bhain siad sprioc amach.
Tá ionsaí na nIosraelach ar an ionad teifeach in Rafah cáinte go láidir ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin.
Ag labhairt dó sa Bhruiséil, dúirt sé gur "ionsaí barbartha" a bhí ann agus thug le fios gur thuar na Náisiúin Aontaithe go mbeadh sléachta mar é ann dá leanfadh na hIosraelaigh dá gcúrsa.
De hAoine seo caite, d'ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an gcogadh atá siad a chur ar Rafah.
Tá Éire, an Iorua agus an Spáinn le aitheantas foirmiúil mar stát a thabhairt don Phalaistín ó amárach.
Próta-stát nó breacstát ar a mhéad atá ann faoi láthair, áfach, arae tá críocha na bPalaistíneach faoi smacht Iosrael.
Tá na críocha sin dealaithe óna chéile chomh maith, agus ag feidhmiú astu féin ar éigean ó locadh Palaistínigh iontu ar an gcéad dul síos.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ