Chuir duine d'iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach aighneas ar cheannaire an pháirtí, an Tánaiste Micheál Martin, ag preasócáid i mBaile Átha Cliath inniu.
Agus iarrthóirí uile Fhianna Fáil á gcur i láthair na meán ag Micheál Martin, tháinig an Seanadóir Niall Blaney roimhe agus chuir i leith cheannasaíocht an pháirtí nár thug siad an tacaíocht chéanna dósan agus a thug d'iarrthóirí eile.
Tá Niall Blaney i measc thriúr Fianna Fáileach atá san iomaíocht i dtoghcheantar Iarthuaisceart-Lár na Tíre. Is iad an Seanadóir Lisa Chambers agus an Teachta Dála Barry Cowen an bheirt eile.
Mhaígh an Bléineach, áfach, gurbh é féin an t-aon duine den seisear iarrthóirí atá ag Fianna Fáil ar fud na tíre nach bhfuair deis dul ar an teilifís le linn an fheachtais toghchánaíochta go nuige seo.
Ní raibh aon ghlacadh ag Micheál Martin leis an athnasc a rinne an Bléineach air, ámh, ná leis an gceasacht a bhí sé a dhéanamh ar a chuid. Mheabhraigh an Tánaiste dó go deimhin go ndeachaigh sé ag canbhasáil ina theannta!
Thug Micheál Martin le fios freisin nach raibh sé ag iarraidh an scéal a idirchamánú os comhair an tsaoil agus dúirt go labhródh sé leis an gcasaoideoir Conallach faoi i ndiaidh na preasócáide.
Níl aon suíochán ag Fianna Fáil i dtoghcheantar Iarthuaisceart-Lár na Tíre faoi láthair agus tá géariomaíocht idir na hiarrthóirí curadhmhír na seilge a thabhairt isteach an babhta seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ