skip to main content

Cúirt ag ordú d'Iosrael deireadh a chur le hionsaí ar Rafah

Cúig bhreitheamh déag ó thíortha éagsúla a shuíonn sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta
Cúig bhreitheamh déag ó thíortha éagsúla a shuíonn sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta

Tá ordú tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta d'Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an mórionsaí atá fórsaí míleata na tíre sin a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza.

Baineann an t-ordú leis an gcás atá tugtha ag Rialtas na hAfraice Theas in aghaidh na nIosraelach faoin gcinedhíothú a mhaítear atá siad a dhéanamh ar Phalaistínigh Gaza.

Sa rialú a d'fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inniu, deirtear go bhfuil cúrsaí imithe chun donais in Gaza ó d'ordaigh an chúirt cheana d'Iosrael cúinsí maireachtala an phobail ansin a fheabhsú.

Soilsítear sa rialú an easpa bia, uisce, saoráidí sláinteachais agus cógas leighis atá san iamhchríoch faoi láthair agus deirtear go bhfuil an chúirt den tuairim nach bhfuil na hIosraelaigh ag tabhairt aghaidh mar is ceart ar an ngéarchéim dhaonnúil.

Cúig bhreitheamh déag ó thíortha éagsúla a shuíonn sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, dá ngairtear an Chúirt Dhomhanda leis.

Trí dhuine dhéag acu a ghlac leis an rialú. Is as Uganda agus Iosrael féin an bheirt a chuir ina aghaidh.

Ní aon údarás praiticiúil ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, ámh, mar nach bhfuil aon chóras na struchtúr ann lena rialuithe a chur i bhfeidhm.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ