Tháinig fógra an lae inné ó Phríomh-Aire na Breataine Rishi Sunak aniar aduaidh ar bheagnach gach aon duine. Go deimhin, 1945 an uair dheireanach a bhí olltoghchán na Breataine ann i lár an tsamhraidh.
Bhíothas ag meas go ndéanfadh Rishi Sunak toghchán a ghairm do mhí na Samhna. Ainneoin nach rabhthas ag dréim leis, tá páirtithe polaitíochta an Tuaiscirt ag ullmhú do thoghchán sé seachtaine sa lá inniu, an 4 Iúil, agus tá postaeir roinnt iarrthóirí le feiceáil cheana féin.
18 suíochán atá le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Sa toghchán deireanach in 2019, fuair an DUP 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an SDLP dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta.
7 suíochán i ndairíre atá ag an DUP faoi láthair nó tá Jeffrey Donaldson ainmnithe mar Aontachtach Neamhspleách i ndiaidh do éirí as mar cheannaire an DUP agus é a bheith curtha ar fionraí ag an pháirtí.
Tá Jeffrey Donaldson cúisithe i gcionta gnéasacha atá bainteach leis an am a chuaigh thart. Dúirt a dhlíodóir inné agus athbhreithniú á dhéanamh ar a chás nach mbeadh sé ag seasacht sa chéad olltoghchán eile.
Tá go leor spéise á cur ina thoghcheantar, Gleann an Lagáin, anois ach fágann sé an DUP i gcruachás. Níl sé fógartha ag an pháirtí go fóill cé a sheasóidh daofa ansin. Tá an suíochán ag Jeffrey Donaldson le 27 bliain.
Tá feisirí comhthionóil an toghcheantair ina n-airí i bhFeidhmeannas Stormont. Tá Emma Little-Pengelly ina LeasChead-Aire agus tá Paul Givan ina Aire Oideachais. Cibé duine a sheasóidh i nGleann an Lagáin, beidh dúshlán mór rompu a suíochán a choinneáil, go háirithe má tá Sorcha Eastwood ó Pháirtí na Comhghuaillíochta ag seasacht.
Toghcheantar eile ina mbeidh an DUP faoi bhrú ó Pháirtí na Comhghuaillíochta ná Béal Feirste Thoir. Tá an suíochán ag Gavin Robinson, arb é ceannaire eatramhach an DUP é faoi láthair. Tá Aire Dlí agus Cirt Stormont, Naomi Long ó Pháirtí na Comhghuailíochta le fógra a dhéanamh taobh istigh de chúpla lá an bhfuil sí le dul san iomaíocht.
Má théann, agus má bhíonn iarrthór ag an TUV, beidh suíochán Gavin Robinson i gcontúirt. Dá gcaillfeadh sé a shuíochán, thiocfadh leis sin beag is fiú a dhéanamh dá sheasamh mar cheannaire. Sin an toradh is mó a ba mhaith leis an DUP a sheachaint. Le trí bliana anuas, bhí ceathrar ceannairí ar an pháirtí.
Níl aon amhras gur an DUP is mó a bheas an brú san olltoghchán seo. Tá suíochán Aontroma Theas ag Paul Girvan. Tá Páirtí Aontachtach Uladh ag cur Robin Swann chun tosaigh le seasacht ansin, fear a bhí ina Aire Sláinte in Stormont le linn Covid agus a bhfuil próifíl ard aige. Tá seisean ag seasacht síos mar Aire Sláinte anois le díriú ar fheachtas an olltoghcháin.
Tá Páirtí Aontachtach Uladh ag dul isteach san olltoghchán seo gan suíochán ar bith acu le cosaint. Aontroim Theas an toghcheantar is dóichí a chreideann an ceannaire Doug Beattie go bhfuil seans acu suíochán a bhuachan ann.
Má sheasaíonn iarbhall an DUP sa toghcheantar seo, aontachtach neamhspleách anois, Alex Easton, bainfidh sé vótaí ó Paul Ghirvan. Beidh Declan Kearney ó Shinn Féin ag iarraidh a vóta a ardú anseo. Tá seans maith aige é sin a dhéanamh ach b'fhéidir nach leor é an iarraidh seo.
Beidh Sinn Féin ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i nDoire fosta. Tá suíochán an Fheabhail ag Colum Eastwood ón SDLP agus farasbarr de thart fá 7,000 vóta aige in 2019.
Chonaic muid le blianta beaga go bhfuil pobal vótála na sé contae ag bogadh ar shiúl ón tseanscoilt sin, glas agus oráiste. Tá líon suíochán Pháirtí na Comghuaillíochta ardaithe go mór ar chomhairlí áitiúla agus i gcomhthionól Stormont.
Is ón pháirtí sin go minic anois is mó an baol don DUP in áit ó pháirtí náisiúnach san am a chuaigh thart. Suíochán amháin atá ag Páirtí na Comhghuaillíochta faoi láthair in Westminster. Ag iar-Aire in Stormont Stephen Farry atá an suíochán. Tá an chosúlacht air go bhfuil páirtithe aontachtacha ag dul a sheasacht ar thicéad amháin ansin a d’fhéadfadh a shuíochán a chur i gcontúirt.
Scoiltfidh an TUV vóta na n-aontachtach, páirtí a chuir i gcoinne chinneadh an DUP pilleadh ar Stormont ag rá nach bhfuil réiteach sásúil ar na socruithe trádála i ndiaidh na Breatimeachta. Tá socrú déanta ag an TUV anois fosta le Reform UK.
Ní seo toghchán a bheas an DUP ach go háirithe ag iarraidh, chan amháin de bharr scoilt na vótaí, mar níl amhras ach go mbeidh tionchar ag cás Jeffrey Donaldson ar chúrsaí. Tá sé tráthúil gur lá roimh an olltoghchán a dhéanfar cinneadh cúirte faoi an gcuirfear Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile Eleanor ar a dtriail maidir leis na cúiseanna ina leith.
Ciallaíonn seo uilig go mbeidh Sinn Féin ag súil le bheith ar an pháirtí is mó sa Tuaisceart in Westminster den chéad uair, páirtí nach nglacann a suíocháin thall. Ní bheidh brú ar Shinn Féin a gcuid acmhainní a roinnt ar dhá thaobh na teorann anois, rud a bheadh i gceist dá mbeadh olltoghchán na Breataine san Fhómhar, tráth a d’fhéadfadh go mbeadh olltoghcán sa Phoblacht fosta. Buntáiste mór sin daofa.
Tá Sinn Féin faoi láthair ar an pháirtí is mó ar na comhairlí áitiúla sa Tuaisceart agus in Stormont agus ról an Chéad Aire acu den chéad uair.
Má dhéanann Sinn Féin éacht i mí Iúil, beidh siad ag díríú níos mó ná riamh ar shuíocháin Dála ansin.