Le Donncha Ó Murchú
Tugadh cuireadh do thriúr de chriú bhád tarrthála na Gaillimhe freastal ar chóisir i bPálás Buckingham inniu, mar chomóradh ar an obair tharrthála atá déanta acu le hInstitiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála.
Tá cloch mhíle ar leith bainte amach ag an Institiúid i mbliana agus í 200 bliain ar an bhfód. Meastar go bhfuil os cionn 146,000 duine tugtha slán ón bhfarraige ag oibrithe deonacha na heagraíochta le himeacht na mblianta.
Bhí Brian Niland, Olivia Byrne agus Declan Mac Giolla Léith ó chriú na Gaillimhe i measc 2,500 ball eile dem Inistitiúid a bhí i láthair sa phálás inniu. Oibrithe deonacha is ea iad ar fad, a bhfuil os cionn 20 bliain caite acu i mbun obair tharrthála agus ar bronnadh bonn onóra don tseirbhís fhadtréimhseach orthu i mbliana.
Tabharfar aitheantas ar leith inniu d'Olivia Byrne ó chriú na Gaillimhe atá i measc cúigear oibrithe tarrthála eile as Éirinn a ainmníodh do Ghradam an Chaptaein Dara Fitzpatrick. Is gradam é seo a bhfuil ardmheas air shid a bhronntar ar mhná ceannródaíocha sna seirbhísí éigeandála a bhfuil crógacht, gairmiúlacht agus ceannaireacht léirithe acu ina gcuid oibre.
Altra agus bean chabhrach is ea Olivia Byrne, a bhfuil os cionn 20 bliain caite aici mar oibrí deonach ar chriú tarrthála na Gaillimhe.