skip to main content

Fórsaí míleata na Síne ar inlíochtaí timpeall na Téaváine

Bratach na Téaváine á tógáil sa phríomhchathair Tai-pei ar maidin inniu
Bratach na Téaváine á tógáil sa phríomhchathair Tai-pei ar maidin inniu

Tá cabhlach agus aerfhórsa na Síne curtha ar inlíochtaí timpeall na Téaváine le rún meabhrú do rialtas an oileáin, is cosúil, gan dul thar cailc le ráitis faoi neamhspleáchas.

Ní hé seo an chéad uair ag fórsaí míleata na Síne buannaíocht mar é a dhéanamh ar an Téaváin agus dealraíonn sé gur teachtaireacht d'Uachtarán nuathofa na Téaváine atá sna hínlíochtaí is deireanaí.

Maíonn an tSín gur léi an Téaváin cé go bhfuil an t-oileán ag feidhmiú mar thír aisti féin ó tháinig an Páirtí Cumannach i gcumhacht sa chuid eile den tSín i 1949.

San óráid a thug sé agus é á insealbhú i dtús na seachtaine seo, d'fhógair Uachtarán nuathofa na Téaváine Lai Ching-te gur ré nua dhaonlathach a bhí ann agus dúirt go gcaithfeadh an tír "an fód a sheasamh agus í féin a chosaint ar bhagairtí agus ar insíothlú" ón tSín.

Chuir an óráid olc ar Rialtas na Síne, áfach, agus chuir siad i leith Lai Ching-te gur fógra neamhspleacháis a bhí ann agus bhagair siad díoltas a imirt ar an Téaváin as a ndúirt sé.

Roimh an tóghchán uachtaránachta sa Téaváin, thug na Sínigh le fios gur bhreathnaigh siad ar Lai Ching-te mar "scarúnaí contúirteach a tharraingeodh cogadh agus mírath" ar an oileán.

Tá daonra 24 milliún sa Téaváin agus tá 300,000 saighdiúir gníomhach ann, gan trácht ar fhórsaí cúltaca.

Tá sé tugtha le fios ag rialtas an oileáin go bhfuil na saighdiúirí ar fad curtha ar fuireachas i bhfianaise inlíochtaí na Síneach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ