skip to main content

Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine

Triúr ceannairí an Chomhrialtais: Éire le stát na Palaistíne a aithint ón Máirt seo chugainn
Triúr ceannairí an Chomhrialtais: Éire le stát na Palaistíne a aithint ón Máirt seo chugainn

D'fhógair an Taoiseach Simon Harris inniu go raibh Éire leis an bPalaistín a aithint go foirmiúil mar stát ón 28 Bealtaine.

Cuimsíonn an Phalaistín críocha na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar agus in Gaza atá dealaithe óna chéile agus a bhfuil forlámhas ag Iosrael orthu ó 1967. Tá Iarúsailéim Thoir na bPalaistíneach faoi smacht na nIosraelach ó shin freisin.

Thug an Taoiseach le fios go raibh Éire, an Iorua agus an Spáinn in éineacht le aitheantas a thabhairt don Phalaistín ón Máirt seo chugainn agus go ndéanfadh na trí thír astu féin pé beart a theastódh leis an gcinneadh sin a chur i bhfeidhm.

Dúirt sé go raibh sé dóchasach go leanfadh tíortha eile eiseamláir na dtrí thír sna seachtainí amach romhainn.

Is ag Tithe an Rialtais in éindí le beirt cheannairí eile an Chomhrialtais, Micheál Martin agus Éamon Ryan, a rinne Simon Harris an fógra stairiúil ar maidin inniu.

Agus stair na hÉireann mar údarás aige, dúirt an Taoiseach gur lá tábhachtach é seo d'Éirinn agus don Phalaistín araon.

Ar an 21 Eanáir 1919, arsa sé, d'iarr Éire ar thíortha an domhain aitheantas foirimiúil a thabhairt dár neamhspleáchasna, dár bhféiniúlacht náisiúnta, dár gcomhrac stairiúil [in aghaidh na daoirse], dár gceart chun féinchinntiúcháin agus dár gceart chun ceartais.

Is sna téarmaí céanna sin, a dúirt an Taoiseach, atá Éire ag tacú le hiarratas na Palaistíne ar aitheantas idirnáisiúnta.

Dúirt Simon Harris go n-aithníonn Éire stát Iosrael chomh maith agus cháin sé arís "na gníomhartha barbartha a rinne Hamas i mí Dheireadh Fómhair [seo caite]".

Ar a shon sin, arsa sé, ní hionann Hamas agus muintir na Palaistíne agus dúirt go gcaithfeadh an dá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín – le go mbeadh aon dóchas ann go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean idirghlúineach.

Dúirt sé go seasfadh Éire le daoine atá toilteanach dul i muinín na polaitíochta de ghrá na síochána.

Dóchas a thabhairt don Phalaistín in am seo an éadóchais, sin é is bun le fógra an lae inniu, arsa an Taoiseach.

Go gairid sula ndearna an Taoiseach an fógra, d'aisghair Rialtas Iosrael ambasadóir na tíre in Éirinn mar agóid in aghaidh an chinnidh aitheantas a thabhairt don Phalaistín.

Deir na hIosraelaigh go dtabharfaidh an cinneadh misneach d'antoiscigh agus go gcuirfidh sé leis an gcorraíl sa Mheánoirthear.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ