skip to main content

Meiriceá ag cuimhneamh ar smachtbhannaí a chur ar chúirt sa Háig

An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig
An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa Háig

Tá sé tugtha le tuiscint ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken go bhfuil Rialtas Mheiriceá sásta dul i gcomhar leis an bhfreasúra i dTeach na nIonadaithe in Washington agus smachtbhannaí a chur ar oifigigh na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta sa Háig.

Tá Rialtas Mheiriceá thar a bheith míshásta leis an gcinneadh a rinne an chúirt arú inné barántais ghabhála a eisiúint i leith cheannairí polaitiúla Iosrael, príomh-aire na tíre Benjamin Netanyahu ina measc, mar gheall ar an gcogadh in Gaza.

D'fhógair Ionchúisitheor na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta Karim Khan ar an Luan go raibh sé réasúnach a chreidiúint go raibh freagracht choiriúil ar Benjamin Netanyahu, ar Aire Cosanta Iosrael agus ar thriúir ceannairí Hamas as coireanna cogaidh agus as coireanna in aghaidh na daonnachta a líomhnaítear a rinneadh in Gaza.

Tá an cinneadh cáinte go láidir ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden, Daonlathaí, agus ag an bPáirtí Poblachtach.

Dar leis an Uachtarán agus leis an bhfreasúra araon nach bhfuil aon dlínse in Gaza ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

Tá amhras caite ag Joe Biden freisin ar an bpróiseas faoina ndearnadh an cinneadh na barántais ghabhála a eisiúint.

Níl ballraíocht ag na Stáit Aontaithe sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ach tacaíonn an tír le rialuithe áirithe, cuir i gcás, an cinneadh a rinneadh anuraidh barántas gabhála a eisiúint i leith Uachtarán na Rúise Vladimir Putin maidir leis an gcogadh san Úcráin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ