skip to main content

Ionchúisitheoir an ICC ag iarraidh go ngabhfaí Netanyahu agus Aire eile chomh maith le cinnirí Hamas

An Príomhaire Netanyahu ar chlé, an tAire Gallant sa lár agus an tAire Gantz ar dheis.
An Príomhaire Netanyahu ar chlé, an tAire Gallant sa lár agus an tAire Gantz ar dheis.

Tá an tIonchúisitheoir ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (an ICC) tar éis barántas gabhála a iarraidh le Príomhaire agus Aire Cosanta Iosrael chomh maith le triúr cheannairí de chuid Hamas a ghabháil faoi choireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an duine.

Tá barántas iarrtha ag Karim Khan don Aire Yoav Gallant chomh maith le Benjamin Netanyahu as iad a bheith ag an stiúir ar an gcogadh ar Ghaza ó thug Hamas ruathar faoi Iosrael an 7ú Deireadh Fómhair.

Ismail Haniyeh

Tá barántais iarrtha freisin aige do Cheannaire Hamas Yahya Sinwar, don Ardcheannasaí Airm Mohammed Al-Masri (ar a dtugtar Deif) agus don Cheannasaí Polaitiúil Ismail Haniyeh.

Tá na hiarratais le cur faoi bhráid bhreithiúna go luath leis an fhianaise a scrúdú.

Ach fiú má eisítear barántas níl sé d'acmhainn ag an gCúirt Idirnáisiúnta é a chur i bhfeidhm.

Tá Iosrael agus a cara mór Meiriceá glan in aghaidh fhiosrúchán na Cúirte faoin gCogadh i nGaza.

148 ballstát atá sa gCúirt. Ní baill iad Iosrael ná Meiriceá, ná go deimhin an Rúis ná an tSín ach an oiread.

Curtar i leith Netanyahu agus Gallant go bhfuil freagracht acu as an ngorta atá sa limistéir agus go bhfuil oirnéis chogaidh déanta acu den ocras. Curtar ina leith freisin go bhfuil marú d’aon ghnó ina choir cogaidh déanta acu.

Curtar i leith cheannairí Hamas go bhfuil freagracht acu as dúnmharú agus díothú, gabháil gialla, ciapadh agus éigniú.

Dúirt Benny Gantz, Aire san Rialtas Cogaidh atá ag Iosrael le 7 mí, gur "ag cur na córa as a riocht ar fad agus gníomh gan mhoráltacht" a bhí ann "cosúlacht a dhéanamh idir ceannairí thír dhaonlathaigh ag iarraidh í féin a chosaint ó sceimhle agus suaraíl, agus ceannairí eagras fuilteach sceimhle".

Dúirt Sami Abu Zuhri, feidhmeannach sinsearach le Hamas, go raibh an tIonchúisitheoir ag rá "gur ionann an té a bhí á chéasadh agus an céastúnach".

Tá ar a laghad 35,000 Palaistíneach maraithe sa gcogaíocht, ó maraíodh tuairim is 1,200 agus ó tógadh 250 ina ngialla le linn ruathar Hamas.

Tá an tAire Gallant tar éis a chur in iúl d’Oifig an Uachtaráin Biden tráthnóna go bhfuil sé beartaithe ag Iosrael an chogaíocht i gcathair Rafah "a leathnú."

Creideann Iosrael go bhfuil na scórtha gialla á gcoinneáil ann agus deir siad gur ann atá croílár Hamas.

Deir Iosrael go bhfuil na scórtha tollán ón Sinai aimsithe sa gcathair acu, údar míshuaimhnis don Éigipt atá fós ag séanadh go bhfuil aon bhaint acu le airm a thabhairt isteach faoi cheilt go Gaza.

Tá thart ar 800,000 duine tar éis teitheadh as Rafah le coicís agus tuairim is milliún duine fós ar thóir tearmainn ann.