skip to main content

Gan geallúintí Mheiriceá faoi chás Assange sásúil a deir an Ardchúirt i Londain

Achomharc ó bhonn bronnta ar Julian Assange, 52, a eiseachadadh as an mBreatain.
Achomharc ó bhonn bronnta ar Julian Assange, 52, a eiseachadadh as an mBreatain.

Tá bua mór bainte amach ag an bhfear a bhunaigh WikiLeaks lena choinneáil slán ó eiseachadadh chun na Stát Aontaithe.

Rialaigh an Ardchúirt i Londain tráthnóna nach raibh geallúintí atá tugtha ag na Stáit Aontaithe sásúil agus gur chóir achomharc iomlán a dhéanamh ar chás Julian Assange.

San éisteacht roimh an mbreithiúnas bhí foireann dlí Julian Assange tar éis glacadh le deimhniú óna Stáit Aontaithe nach lorgófaí pionós an bháis ansiúd air, dá gciontófaí thall é tar éis a eiseachadadh as Sasana.

Cás cinniúnach cúirte a bhí ann le bunaitheoir WikiLeaks a eiseachadadh go Meiriceá áit a gcuirfí ar a thriail é - faoi Acht Spiaireachta 1917 - faoi eolas rúnda ó fhórsaí armtha na Stát Aontaithe le linn na cogaíochta san Afganastáin agus san Iaráic a nochtadh.

Dá mbeadh teipthe air bheadh gach deis ar achomharc san Ríocht Aontaithe in aghaidh a dhíbeartha ídithe, muna ndéanfadh sé iarratas chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine.

Ag éisteacht a mhair dhá lá mí Feabhra d'iarr abhcóidí thar ceann Assange cead dúshlán a thabhairt do bhreithiúnas a bhí tugtha roimhe sin a chuir go leataobh mórchuid a gcuid argóintí in aghaidh dhíbirt an iriseora.

Sa Márta diúltaíodh do chás Assange arís, ach rialaigh an chúirt go mbeadh cead aige achomharc a lorg muna dtiocfadh deimhniú ó Rialtas Mheiriceá faoi 3 cheist: go mbeadh cosaint saoirse cainte faoin gCéad Leasú ar Bhunreacht na tíre sin aige; nach mbeadh "claontacht" ina aghaidh ar bhonn náisiúntachta; agus nach mbeadh bagairt an bháis ag fanacht leis thall.

Stella Assange, bean chéile an iriseora agus dlíodóir cearta daoine, ar a bealach chuig Teach na Cúirte

San Aibreán thug na breithiúna le fios go raibh an deimhniú sin faighte.

hÉistíodh argóintí faoin deimhniú sin os comhair cúirte inniu ó lucht dlí thar ceann na Stát Aontaithe agus thar ceann Julian Assange.

Ghlac meitheal dlí Assange leis an ngeallúint nach mbeadh pionós an bháis roimhe sa gcás go seolfaí go Meiriceá é.

Ní raibh Julian Assange é féin sa gcúirt, "ar mhaithe lena shláinte" a dúirt an tAbhcóide Edward Fitzgerald.

Pléadh Nóta ó Ambasáid na Stát Aontaithe i Londain ina bhfuil deimhniú tugtha ar gheallúintí ar an 3 cheist a tarraingíodh anuas sa Márta, deimhniú a deir abhcóidí thar ceann na Stát Aontaithe a fhágann gur chóir cead achomhairc a dhiúltú don Uas Assange.

Sa Nóta deir na Stáit Aontaithe nach bhfuil Assange cúisithe le coir lena mbaineann pionós an bháis agus geallann siad nach gcurfar ar a thriail é faoi choir lena mbaineann an pionós sin.

Deir an Nóta freisin a dúirt an tAbhcóide James Lewis "go mbeidh Assange in ann cosaint faoin gCéad Leasú a iarraidh" agus nach mbeidh aon chlaonadh ina aghaidh ar bhonn náisiúntachta.

D'fhreagair an tAbhcóide Fitzgerald "gur léir agus gur ríléir nach leor" an gheallúint sin.

Cé gur "geallúint soiléir ón Rialtas" an deimhniú faoi phionós an bháis a dúirt sé, ní féidir brath ar an ngeallúint eile "go gcurfar srian ar an Uasal Assange nach mbeidh sé in ann brath ar an gCéad Leasú ar bhonn náisiúntachta."

Dá mbeadh glactha ag an gcúirt inniu leis an méid atá geallta ag Meiriceá, meastar go n-ordófaí a eiseachadadh, ach bhí rún sa gcás sin ceaptar ag a fhoireann dlí cás an tSualannaigh a chur faoi bhráid Chúirt na hEorpa.

Chruinnigh slua suntasach ag tacú le Assange os comhair na cúirte, iarcheannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Jeremy Corbyn ina measc.

Bhí a bhean chéile agus a athair agus daoine muinteartha eile ag an éisteacht, atá ar na bacáin le 3 bliana.

Mí Eanáir 2021 rialaigh an Breitheamh Vanessa Baraitser nár chóir Assange a eiseachadadh mar gheall ar "mhórchontúirt" go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin.

Deireadh na bliana sin d'éirigh le Meiriceá san Ardchúirt i Londain an breithiúnas sin a chur ar ceal.

B'é inniu an deis deiridh sa mBreatain ag Assange ar achomharc a lorg.

Tá Assange sáinnithe i Londain ó 2010 ag iarraidh eiseachadadh a sheachaint.

Mí Aibreán na bliana sin a tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh déaréag sibhialtach i mBaghdad.

Sceitheadh freisin 90,000 cáipéis rúnda Airm faoi chogadh Mheiriceá san Afganastáin, agus 400,000 comhad rúnda faoin gcogadh a bhí ar bun acu san Iaráic.

Foilsíodh freisin i nuachtáin an New York Times agus an Guardian 250,000 teachtaireacht rúnda taidhleoireachta ó ambasáidí de chuid Mheiriceá ar fud an domhain a bhí aimsithe ag WikiLeaks.

Náiríodh na Stát Aontaithe, cuireadh fearg ar chinnirí airm agus polaitíochta agus gnó, agus dúradh gur cuireadh beatha daoine i gcontúirt de bharr an sceitheadh.