Tá an Taoiseach Simon Harris i ndiaidh labhairt ar an bhfón le hUachtarán Iosrael, Isaac Herzog.
Chuir sé in iúl don Uachtarán Herzog gur mhaith le hÉirinn dá bhfógrófaí sos cogaidh láithreach, agus go ligfí isteach fóirithint gan mhoill ná bac.
Léirigh an Taoiseach a imní freisin go géarchéim dhaonnúil atá i ndán do Rafah, má leanann fórsaí Iosrael ar aghaidh lena n-ionsaí talún ar an gcuid sin de Stráice Gaza.
Dúirt urlabhraí ar son an Taoisigh gur phléigh sé a dhearcadh maidir leis an réiteach dá stát le hUachtarán Herzog freisin, is é sin, gurb é an réiteach dhá stát an t-aon chur chuige go mbeidh rath air. Chuir an Taoiseach in iúl don Uachtarán Herzog go bhfuil sé i gceist ag an tír seo aitheantas a thabhairt do Stát na Pailistíne.
"Tá an ghráin dhearg ag muintir na hÉireann ar Hamas", a dúirt an Taoiseach, "agus tacaíonn muid le héilimh Iosrael na gialla a scaoileadh saor gan mhoill ná coinníoll.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an bheirt cheannaire go bhfanfaidís i dteagmháil lena chéile. Tá súil ag Éirinn go dtabharfaidh siad aitheantas don Stát Pailistíneach faoi dheireadh na míosa seo. Tá sé i gceist ag roinnt tíortha eile san Eoraip, mar shampla an Spáinn, amhlaidh a dhéanamh.