Thug an Tánaiste, Micheál Martin, le fios inniu go mbeadh an rialtas lán-sásta aon taifid nó comhaid atá ina seilbh acu a oscailt in athuair, má cheaptar go mbéidís ina gcuidiú ó thaobh líomhaintí claonpháirteachais idir an UVF agus fórsaí slándála na Breataine a fhiosrú. Cothrom an lae seo caoga bliain ó shin, maraíodh 34 duine – leanbh sa bhroinn ina measc – sna buamaí a phléasc i lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus i mBaile Mhuineacháin. Cé go ndúirt na paraimíleataigh dhílseacha, an UVF, gurbh iadsan a bhí freagach as na hionsaithe, bhí líomhaintí ann i gcónaí go raibh seirbhísí slándála agus faisnéise na Breataine i gclaonpháirt leo.
Phléasc trí bhuama i mBaile Átha Cliath ag an mbuaic-am tráchta ar 17 Bealtaine 1974 agus phléasc ceann eile go gairid roimh 7pm i mBaile Mhuineacháin.
Cailleadh ní ba mó duine an lá úd ná mar a maraíodh aon lá eile i rith na dtrioblóidí.
Beidh imeachtaí cuimneacháin ar siúl i gcuimhne na marbh in áiteanna éagsúla inniu.
Dúirt Micheál Martin inniu gur "lá coscrach" a bhí ann, agus thug sé moladh do na daoine a tháinig slán as na hionsaithe agus do mhuintir na ndaoine a maraíodh, as ucht a gcuid iarrachtaí aird an phobail a dhíriú ar na hainghníomharthaí seo le leathchéad bliain anuas.
Níor cúisíodh ná níor ciontaíodh aon duine riamh sna hionsaithe.
Thug an tUasal Martin le fios gur léiríodh i ngach fiosrúchán atá déanta go dtí seo nár chomhoibrigh an Bhreatain go hiomlán le hÉirinn na hionsaithe a fhiosrú. Dúirt sé go bhfuil ceithre rún rite tríd an Dáil, ina lorgaítear té neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar an gcáipéisíocht ar fad.