skip to main content

400 post nua le cur ar fáil ag comhlacht lóistíochta Primeline

Mórionad nua dáileacháin Primeline, Cill Dhéagláin, Co na Mí
Mórionad nua dáileacháin Primeline, Cill Dhéagláin, Co na Mí

Tá an comhlacht lóistíochta Primeline le 400 post a chur ar fáil i mórionad nua dáileacháin atá oscailte acu i gCill Dhéagláin i gCo na Mí.

Deir an comhlacht go bhfuil an t-ionad 360,000 troigh chearnach ar an bhfoirgneamh fuinneamhneodrach is mó ar le comhacht Éireannach é sa Stát.

Teicneolaíocht faisnéise, oibríochtaí agus díolacháin is ea na réimsí a gcuirfear na poist nua ar fáil iontu.

Tá 1,100 duine fostaithe cheana féin ag Primeline i ndeich n-ionad in áiteanna éagsúla in Éirinn agus sa Bhreatain.

Earraí a sheachadadh ar fud na hÉireann agus na Breataine is ea príomhghnó Primeline.

Tá fáilte curtha roimh an scéala ag Fiontar Éireann agus ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Peter Burke.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ