Ní bheidh cead ag páistí faoi 16 bliain scútair leictreacha a úsáid in áiteanna poiblí ón Luan seo chugainn, de réir rialacháin nua atá tugtha isteach ag an Aire Iompair Éamon Ryan.
Tá an tAire den bharúil, áfach, nárbh fhiú cosc a chur ar scútair leictreacha a dhíol le páistí faoi 16 bliain nó a sholáthar dóibh mar nach bhféadfaí rialachán mar é a chur i bhfeidhm, dar leis.
De réir na rialachán nua, beidh teorainn luais 20 ciliméadar san uair le scútair leictreacha ar bhóithre poiblí.
Ní bheidh cead paisinéirí a iompar ná suíochán a fheistiú ar scútair leictreacha; caithfidh na scútair a bheith cóirithe mar is ceart; caithfear a chinntiú nach gcuirfear daoine eile i mbaol; agus tá rialacha eile ann chomh maith maidir le coscáin agus soilse.
Tuigtear go seolfar feachtas fógraíochta go luath le aird an phobail a tharraingt ar na rialacháin nua.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ