skip to main content

Leithscéal gafa ag Michelle O'Neill faoi bheith ar shochraid Bobby Storey

Michelle O'Neill ag dul isteach san fhiosrúchán poiblí i mBéal Feirste inniu
Michelle O'Neill ag dul isteach san fhiosrúchán poiblí i mBéal Feirste inniu

Tá leithscéal gafa ag Céad-Aire an Tuaiscirt, Michelle O'Neill ó Shinn Féin, faoi go raibh sí ar shochraid an phoblachtánaigh aitheanta Bobby Storey i mBéal Feirste in 2020 tráth a bhí srianta Covid-19 i bhfeidhm ó thuaidh.

Agus í ag tabhairt fianaise ag fiosrúchán poiblí faoin gcaoi ar láimhseáladh an phaindéim sa Tuaisceart, dúirt Michelle O'Neill go raibh aiféala uirthi go ndeachaigh sí chuig an tsochraid agus go mb'oth léi go mór gur ghoill an scéal ar dhaoine.

Dúirt sí gur thuig sí gur chuir a cuid iompair fearg ar dhaoine ar bhásaigh a ndaoine muinteartha le Covid agus gur chuir a raibh déanta aici leis an mbrón a bhí orthu.

Agus í á ceistiú ag cathaoirleach an fhiosrúcháin, Heather Hallett, ghlac Michelle O'Neill leis gur chóir go mbeadh a fhios aici ag an am go ngoillfeadh sé ar dhaoine í a bheith i láthair ag an tsochraid. Bhí Michelle O'Neill ina LeasChéad-Aire ag an am.

Ceannasaíocht Shinn Féin ar shochraid Bobby Storey

Bhí Michelle O'Neill, Mary Lou McDonald agus baill shinsearacha eile de Shinn Féin ar shochraid Bobby Storey in iarthar Bhéal Feirste ar an 30 Meitheamh 2020.

Ina cheann sin, bhailigh na mílte duine ar dhá thaobh na sráide ar Bhóthar Bhaile Andarsan agus an tsochraid ag dul thar bráid.

Maíodh ag an bhfiosrúchán inniu freisin gur léirigh miontuairiscí ó chruinniú d'Fheidhmeannas Stormont nach raibh aon aiféala ar Michelle O'Neill sna laethanta i ndiaidh na sochraide.

Dúirt an cathaoirleach le Michelle O'Neill go ndearna sí rud nach raibh gnáthdhaoine in ann a dhéanamh nuair a chuaigh sí chuig sochraid Bobby Storey.

Agus í ag tabhairt fianaise ag an bhfiosrúchán an tseachtain seo caite, ghabh Carál Ní Chuilín ó Shinn Féin leithscéal faoi bheith ar an tsochraid.

Aire i bhFeidhmeannas Stormont ab ea Carál Ní Chuilín ag an am agus is í an Spéicéir anois í.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ