skip to main content

Cead tobac a cheannach le hardú ó 18 go 21 bliain

'Ar dhaoine óga idir 15 agus 17 atá an reachtaíocht nua dírithe i ndáiríre'
'Ar dhaoine óga idir 15 agus 17 atá an reachtaíocht nua dírithe i ndáiríre'

Tá an aois ag ar féidir le daoine toitíní agus táirgí eile tobac a cheannach le hardú ó ocht mbliana déag go 21 bliain, de réir reachtaíocht nua atá le moladh don Chomhaireacht an tseachtain seo ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly.

Maidir le daoine atá idir ocht mbliana déag agus 21 faoi láthair, dréachtófar an bille sa chaoi is go mbeidh cead acusan tobac a cheannach go fóill.

Dúirt an tAire Donnelly gur ar dhaoine óga idir chúig bliana déag agus seacht mbliana déag atá an reachtaíocht dírithe i ndáiríre.

Is furasta do dhaoine san aoisghrúpa sin tobac a cheannach faoi láthair, arsa sé, ach má ardófar an aois íosta go 21 déanfaidh sé ciotaí an-mhór dóibh.

Deirtear i dtuarascáil ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann gur idir chúig bliana déag agus seacht mbliana déag thar aon am eile is mó a bhaineann daoine an chéad gal tástála as tobac.

Dá n-ardófaí an aois íosta go 21 d'fhéadfaí an líon déagóirí a chaitheann tobac a laghdú 25%, dar le húdair na tuarascála.

Áirítear go bhfaigheann thart ar 4,500 duine bás sa Stát gach bliain mar gheall ar thobac a chaitheamh. Galar croí, galar scamhóg agus ailse is mó a bhaineann dóibh.

Chomh maith leis an aois íosta a ardú, táthar le cosc a chur ar tháirgí tobac agus ar tháirgí vápála a dhíol ó mheaisíní in áitribh thráchtála.

Tá rún ag an Rialtas freisin cosc a chur ar ghaltoitíní aon uaire agus srianta a chur ar an gcaoi a bhfógraítear táirgí vápála.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ