skip to main content

6ú áit d'Éirinn sa Chomórtas Eoraifíse;An Eilvéis buacach

Bambie Thug a thug an- taispeántas aréir i Malmo
Bambie Thug a thug an- taispeántas aréir i Malmo

Ba sa 6ú háit a chríochnaigh Éirinn i gComórtas na hEoraifíse aréir.

Bhí ionadaí na hÉireann,Bambie Thug an-mhórálach as an tacaíocht a fuair sí thall i Malmo sa tSualainn ó lucht leanúna na hÉireann.

Tá sé 24 bliain ó shin ó bhí toradh chomh maith ag Éirinn sa chomórtas seo atá ar an bhfód anois le beagnach 70 bliain.

Ba í an Eilvéis a bhuaigh comórtas na bliana seo, Nemo a bhí ag déanamh ionadaíochta thar ceann na tíre sin