skip to main content

Lucht tacaíochta na bPailistíneach ag léirsiú i Malmo

Léirsithe móra i gcaitheamh na seachtaine i Malmo ag tacú le Pailistínigh
Léirsithe móra i gcaitheamh na seachtaine i Malmo ag tacú le Pailistínigh

Tá léirsiú ar siúl ar shráideanna chathair Malmo sa tSualainn tráthnóna.

Lucht tacaíochta na bPailistíneach ag léiriú a míshástachta faoi rannpháirtíocht Iosrael sa chomórtas Eoraifíse a tháinig amach le brait agus fógraí.

Tá conspóid mhór tarraingte sa chomórtas Eoraifíse agus daoine áirithe an-mhíshásta faoi go bhfuil Iosrael san iomaíocht.

Géaraíodh ar sin arú inné nuair a cháiligh Iosrael do sheisiún na craoibhe a gcuirfear tús leis anocht.

Níos túisce inniu thug Cónaidhm Craoltóireachta na hEorpa (EBU) le fios nach mbeidh an t-amhránaí ón Ísiltír,Joost Klein ag glacadh aon pháirt anocht sa gComórtas.

Is é an EBU a bhíonn ag eagrú an chomórtais seo atá á reachtáil i mbliana i Malmo.

Deirtear gur cuireadh an ruaig ar Klein i ndiaidh do bhean a bhí ag obair ar léiriú an chomórtais gearán a dhéanamh faoi.

Bambi Thu (lár báire) ag seasamh an fhóid d'Éirinn ag an gcomórtas

Tá póilíní na Sualainne i mbun a gcuid fiosrúchán faoin ngearán agus dá réir sin shocraigh EBU nach bhféadfadh Klein a bheith páirteach anocht.

25 iomaitheoir anois a bheidh páirteach sa chomórtas mór craoibhe anocht, Bambi Thug ag déanamh ionadaíocht thar ceann na tíre seo, ina measc.