skip to main content

An tIar Fheisire Eorpach Mary Banotti tar éis bháis

Mary Banotti atá tar éis bháis
Mary Banotti atá tar éis bháis

Tá an Taoiseach, Simon Harris i measc na ndaoine atá tar éis a ómós a léiriú don iar-fheisire Eorpach,Mary Banotti atá tar éis bháis.

Bhí sí 84.

Ba i gCluain Tairbh i gceantar thuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath a rugadh Mary Banotti.

Altra a bhí inti sula ndeachaigh sí go Parlaimint na hEorpa i 1984 mar fheisire do Fhine Gael ó thoghlach Bhaile Átha Cliath.

Chaith sí 20 bliain mar fheisire.

Rith sí i dtoghchán na hUachtaránachta i 1997, ní raibh chun tosaigh uirthi ag deireadh an ráis ach an té a toghadh,Máire Mhic Ghiolla Íosa.

Bhí aithne mhaith ar Mary Banotti le beagnach 50 bliain mar gur mhinic í le cloisteáil ar an raidió agus teilifís ag caint ar cheisteanna sóisialta.

Seanuncail dá cuid ab ea an réabhlóidí clúiteach,Michael Collins a maraíodh le linn Chogadh na gCarad.

Deirféar léi is ea an t-iar Aire Dlí is Cirt,Nora Owen.

Taoiseach Simon Harris has paid tribute to former MEP Mary Banotti, who has died at the age of 84.