Vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i bhfabhar iarratas ón bPalaistín maidir le ballraíocht iomlán a bheith ag an tír sna Náisúin Aontaithe.
Siúd is gur faoi Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe atá sé ballraíocht san eagraíocht dhomhanda a cheadú, breathnaítear ar an vóta inniu mar chéim thábhachtach chun na críche sin.
143 den 193 ballstát a vótáil i bhfabhar an iarratais i gceannáras na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac inniu.
Vótáil naoi dtír ina aghaidh – na Stáit Aontaithe agus Iosrael ina measc – agus staon 25 tír eile.
Vótáil an Comhthionól Ginearálta inniu freisin moladh don Chomhairle Slándála breathnú go báúil ar iarratas ballraíochta na bPalaistíneach.
Tá na Stáit Aontaithe ar cheann de chúig bhall bhuana na Comhairle Slándála, chomh maith leis an tSín, an Rúis, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe.
Stádas breathnóra atá ag bPalaistín sna Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach dá dtabharfaí ballraíocht iomlán don tír b'ionann é agus aitheantas oifigiúil idirnáisiúnta mar stát.
Inné, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh "plean soiléir" aige féin agus ag Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez maidir le aitheantas oifigiúil a thabhairt don Phalaistín.
Táthar á thuairimiú go bhfuil sé i gceist ag Éirinn, an Spáinn agus roinnt ballstát eile san Aontas Eorpach an Phalaistín a aithint go hoifigiúil ar an 21 Bealtaine le fonn tacaíocht mhorálta agus taidhleoireachta a thabhairt d'ionadaithe na tíre i bhfóraim idirnáisiúnta feasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ